Ní deacair iad a aimsiú: suíomhanna bradaíola ar an Idirlíon, is é sin, suíomhanna atá cruthaithe chun ábhar atá faoi chóipcheart a mhalartú go mídhleathach, scannáin de ghnáth. Tá cúpla cás cáiliúil tar éis bheith i mbéal na nuachta le déanaí nuair a rinne na húdaráis ionradh ar na daoine agus ar na gnólachtaí a bhí taobh thiar de Megaupload i Nua-Shéalainn, Kino.to sa Ghearmáin agus roinnt eile. San am céanna, tá agóidíocht ar siúl i roinnt tíortha i gcoinne dlíthe atá beartaithe chun srian a chur ar an tsaoirse malartaithe ábhair ar an Idirlíon, ar mhaithe le cúrsaí cóipchirt. Bhí Wikipedia múchta ar feadh lae le déanaí mar agóid i gcoinne a leithéide de dhlíthe i Meiriceá, rud a chuir an cheist ar shúile go leor daoine. Ach tá tuairim agam gur beag duine a thuigeann cad atá i gceist i ndáiríre agus cén fáth an chorraíl ar fad seo. Más ea, cíoraimis an t-ábhar beagán.
» Léigh ar aghaidh...
Ar thug tú faoi deara riamh go mbíonn fuaim níos airde ar fhógraí teilifíse ná mar a bhíonn ar na cláracha eile? Is cosúil gur cleas é seo a úsáideann an lucht fógraíochta chun aird an lucht féachana a tharraingt. Thug duine éigin ar mo shúile dom é bliain nó dhó ó shin agus, nuair a thugann tú rud mar seo faoi deara, ní féidir neamhaird a dhéanamh de a thuilleadh. Is fíor go mbíonn na fógraí níos glóraí, níos callánaí, ná an chuid eile ar an teilifís.
An gnáthfhreagra a bhíonn ag craoltóirí ar an ghearán seo ná nach bhfuil an fhuaim níos airde. Déarfaidís leat go mbíonn fuaim na bhfógraí ar aon leibhéal le fuaim na gcláracha timpeall air, agus gur ar do chluasa atá sé. B’fhéidir go bhfuil sé sin fíor go teicniúil, ach ní hé sin an fhírinne iomlán.
» Léigh ar aghaidh...
Tá an-chaint á déanamh le déanaí ar na ‘margaí airgeadais idirnáisiúnta’ agus an milleán á chur orthu as an chúlú eacnamaíochta. Fearacht go leor daoine eile, ní thuigim na margaí seo mórán agus is beag radharc agam orthu. Ach tuigim an méid seo a leanas.
» Léigh ar aghaidh...
Fuair Václav Havel bás 18 Nollaig 2011 – an chéad uachtarán daonlathach a bhí ag an tSeicslóvaic tar éis imeacht na deachtóireachta cumannaí agus príomhphearsa sa ghluaiseacht i gcoinne na deachtóireachta céanna.
» Léigh ar aghaidh...
Nuair a thagann an chaint ar chúrsaí scolaíochta agus nuair a bhíonn daoine ag cuimhneamh ar a gcuid seanlaethanta scoile, tá rud amháin a deirim i gcónaí: má tá rud ar bith bainte amach agam i mo shaol, tá sé sin bainte agam in ainneoin na scolaíochta a fuair mé seachas a bhuí léi. Nuair a bhím féin ag machnamh siar ar mo laethanta scoile, ní cuimhní sona sásta atá iontu ach cuimhní lán de nimh agus de shearbhas. Fan go míneoidh mé cén fáth.
» Léigh ar aghaidh...
Ceann de na bunphrionsabail atá ag an Aontas Eorpach ná go bhfuil cead ag gach saoránach taisteal, maireachtáil agus obair áit ar bith san Aontas, cuma cén ballstát ar as dó nó di ó dhúchas. Nó, ar a laghad, sin mar a bhí go dtí 2004. Cad a tharla sa bhliain sin?
In 2004, tháinig lear mór tíortha iar-chumannacha isteach san Aontas Eorpach: an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus eile. Toisc go raibh eagla ar roinnt daoine roimh ró-inimirce ó na tíortha “nua” seo, socraíodh go gcuirfí srianta i bhfeidhm maidir leis na cearta fostaíochta a bhí le bheith ag saoránaigh na dtíortha sin. Cuireadh clásal speisialta isteach sna conarthaí a thug cead do “sheantíortha” an Aontais Eorpaigh ceart fostaíochta a cheilt ar shaoránaigh na mballstát nua, dá mba mhian leo é, go ceann seacht mbliana ar a mhéid. An Ghearmáin agus an Ostair go háirithe a bhain lánleas as an chlásal speisialta seo toisc go bhfuil teorainn acu le cuid de na ballstáit nua seo. (Tíortha atá i bhfad ar shiúl ó lár na hEorpa, leithéidí na hÉireann seo againne, níor bhac siad le haon srianta a chur i bhfeidhm.)
An fáth a bhfuil mé á rá sin ar fad ná go bhfuil, ar an chéad lá de mhí Bealtaine na bliana seo, deireadh tagtha leis an tréimhse eisceachtúil seo. As seo amach, níl an clásal speisialta sin i bhfeidhm níos mó. Na tíortha sin a tháinig isteach san Aontas in 2004, tá lánchearta fostaíochta ag a gcuid saoránach ar fud an Aontais anois. Is cosúil nár tugadh aon suntas don tarlúint sin sna meáin in Éirinn, ach tugadh suntas go leor di sna tíortha lena mbaineann an scéal, ar gach taobh den sean-Chuirtín Iarrainn.
» Léigh ar aghaidh...
Seo nóta gairid le fógairt go bhfuil suíomh nua seolta agamsa agus ag mo chairde: Votomatic. Suíomh idirghníomhach é Votomatic a bhfuil sé mar sprioc aige cuidiú le daoine freagra a aimsiú ar an cheist, cé dó ar cheart dom mo vóta a thabhairt san olltoghchán?
Seo mar a oibríonn sé: cuirfidh Votomatic cúpla ceist ort maidir le do chuid tuairimí ar ábhair éagsúla agus tabharfaidh tusa freagraí orthu ar scála idir ‘aontaím’ agus ‘ní aontaím’. Ag an deireadh, cuirfidh Votomatic do chuig freagraí i gcomparáid le polasaithe na bpáirtithe polaitiúla atá ag seasamh san olltoghchán agus déarfaidh sé leat cé hiad na páirtithe is mó ar aon tuairim leatsa.
Tá Votomatic bunaithe ar anailís a rinne muid ar pholasaithe na gcúig pháirtí is mó atá ag seasamh san olltoghchán agus a bhfuil suíocháin sa Dáil acu cheana. Is seirbhís saor in aisce, neamhchlaonta é Votomatic agus níl baint aige le haon pháirtí faoi leith.
Tá an suíomh dátheangach (Gaeilge agus Béarla), is féidir na ceisteanna a fhreagairt in aon cheann den dá theanga agus is féidir malartú idir na teangacha uair ar bith.
Sin a bhfuil, tá súil agam go dtaitneoidh Votomatic libh.
Ina alt san eagrán deireanach de Gaelscéal (21 Eanáir 2011), tá Conall Ó Móráin ag léiriú a thuairime faoi theoiricí eacnamaíochta Karl Marx. Deir sé go bhfuil na teoiricí sin mícheart agus deir sé go bhfuil an méid sin cruthaithe ag teip an Aontais Shóivéadaigh: toisc gur theip ar an Aontas Sóivéadach mar stát, is cruthúnas é sin go bhfuil teoiric eacnamaíochta an chumannachais mícheart, dar leis. Ceapaim go bhfuil an tuairim sin róshimplíoch agus bunaithe ar easpa tuisceana don stair.
» Léigh ar aghaidh...
An geimhreadh seo, ar fud na hEorpa, tháinig an sneachta aniar aduaidh ar dhaoine. Tháinig níos mó de ná mar is gnách, tháinig sé isteach ní ba luaithe ná mar is gnách, agus d’fhan sé ina luí gan leá ar feadh ní b’fhaide ná mar is gnách. Fiú i dtíortha nach gnách mórán sneachta iontu, dálaí na hÉireann féin, bhí siadsan faoi léigear ag an phúdar bán. Chuir sé sin ar fad brú as cuimse ar go leor rudaí, seirbhísí glanta na mbóithre san áireamh.
» Léigh ar aghaidh...
Agus mé ag treabhadh trí nuachtáin Sheiceacha an Nollaig seo, tháinig mé ar rud suimiúil. Tá eagraíocht i bPrág darb ainm Food not Bombs (is brainse de ghluaiseacht dhomhanda é). Mic léinn a bhunaigh í chun béilí saor in aisce a sholáthar do dhaoine gan dídean. An rud atá suimiúil ná an dóigh a bhfaigheann siad na bunábhair do na béilí sin: téann siad ag treabhadh trí choimeádáin bruscair taobh thiar d’ollmhargaí na cathrach. Agus is iontach a bhfaigheann siad ann. Is cosúil gur gnáth d’ollmhargaí an-chuid bia a chaitheamh amach, bia atá fós so-ite ach a caitheadh amach de bharr go bhfuil sé tagtha róghar don dáta éaga nó, más glasraí agus torthaí, de bharr nach bhfuil cuma 100% foirfe orthu a thuilleadh. Déanann na mic léinn é seo gach lá – cé go mbíonn bainisteoirí na n-ollmhargaí ag iarraidh stop a chur leo uaireanta – agus cócarálann siad béilí veigeánacha as sin (ní úsáidtear feoil ná bainne ná uibheacha) agus tugann siad do dhaoine gan dídean iad. “An bhfuil sé blasta? Tá. An bhfuil sé lofa? Níl,” mar a dúirt duine den slua a bhíonn ag baint tairbhe as.
» Léigh ar aghaidh...