Ní hé mo uachtarán é
Tá uachtarán Phoblacht na Seice, Václav Klaus, ar cuairt oifigiúil go hÉirinn faoi láthair agus é ag cothú conspóide mar is gnách dó. Tá seisean go hoscailte i gcoinne Chonradh Liospóin agus is cosúil gurb é an chúis is mó ar tháinig sé anall ná chun bualadh lena chomhbhádóir Declan Ganley, eorasceipteach eile.
Is é cur i gcoinne an Aontais Eorpaigh an chloch is mó ar phaidrín an Uasail Klaus na laethanta seo. Tá sé den tuairim gur masla do neamhspleáchas an stáit é a bheith ina bhall den Aontas Eorpach, agus dhiúltaigh sé fiú bratach an Aontais Eorpaigh a chur ar foluain taobh le bratach Phoblacht na Seice ag Caisleán Phrág, a áras oifigiúil.
Ní hé seo an t-aon tuairim chonspóideach atá aige, bíodh a fhios agaibh. Tá bosca ildaite díobh sin aige, ina measc an tuairim sheafóideach sin nach ann don téamh domhanda (ábhar ar scríobh sé leabhair air), agus an meas neamhthuillte atá aige ar an Rúis.
Idir sin agus uile, is mór an bearna atá idir é agus an pobal a bhfuil sé in ainm is a bheith ina uachtarán orthu. Ní thuigim féin cén dóigh ar éirigh leis an uachtaránacht a bhaint amach fiú. Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibhse, a Éireannacha, nach ionann an ceap magaidh seo d’uachtarán agus muidne, na Seicigh. Is pobal i bhfad níos stuama muid.


Fáilte, a uachtaráin!