Bhí mé ag léacht súil-oscailteach le déanaí i gColáiste na Tríonóide, áit ar thug Donal Carbaugh, ollamh Meiriceánach, caint uaidh ar stíleanna cumarsáide i gcultúir éagsúla. Dhírigh a chuid cainte go speisialta ar an dóigh a mbaintear úsáid as an chiúnas mar áis chumarsáide i gcultúir ar nós na nIndiach Meiriceánach agus na bhFionlannach – náisiúin a bhfuil cáil an chiúnais orthu, mar is eol do chách.
» Léigh ar aghaidh...
Tá sé éasca dearmad a dhéanamh nach í an Ghaeilge an t-aon mhionteanga in Éirinn. Tá ceann eile ann, teanga ar a dtugtar Ultais. Is brainse é seo den Albainis, teanga ó dhúchas dheisceart na hAlban atá chomh cosúil leis an Bhéarla go gceaptar go minic nach teanga faoi leith atá inti in aon chor.
Go deimhin, tá roinnt mhaith daoine amuigh ansin nach bhfuil sásta an Ultais a aithint mar theanga mar “níl ann ach canúint”: maítear go bhfuil an Ultais róchosúil leis an Bhéarla, nach bhfuil aon traidisiún láidir scríbhneoireachta san Ultais, nach bhfuil ortagrafaíocht na teanga socair, agus mar sin de. Is argóintí suaracha iad seo, áfach. De réir na loighice céanna ní teanga í an Ollainnis mar is canúint na Gearmáinise í, ní teanga í an Ioruais mar is canúint na Sualainnise í, agus mar sin de. “Níl i dteanga ach canúint a bhfuil arm aici”, mar a dúirt an té a dúirt – agus ar na saolta síochánta seo, seans gur chóire a rá nach bhfuil i dteanga ach canúint a bhfuil pobal labhartha aici a aithníonn iad féin mar phobal faoi leith. Go bhfios dom, tá sé sin ag an Ultais, cé gur beag an pobal é.
» Léigh ar aghaidh...
Ardaíodh ceist thábhachtach sa phub aréir: cén fáth a gcaitheann mná cíochbhirt? Ceart go leor, mise a d’ardaigh an cheist, ach is cuma faoi sin. Ar ais chuig an cheist féin: cén fáth a gcaitheann mná cíochbhirt? Mar a tharlaíonn, tá teoiric agam féin ina thaobh seo, teoiric atá bunaithe ar theoiric na héabhlóide.
Nuair a tháinig daoine anuas de na crainn den chéad uair agus thosaigh ag siúl timpeall ar a dhá chos dheiridh, tugadh faoi deara go raibh fadhb ag mná a raibh cíocha an-mhóra acu. Is chun cuidiú leosan a cruthaíodh na chéad chíochbhirt. Taca praiticiúil a bhí ann chun uallach na gcíoch a iompar.
Sé sin ráite, níorbh fhada gur thuig na mná eile – is é sin, na mná nach raibh cíocha móra acu – gur féidir an gléas nua seo a úsáid chun a gcíocha féin a mhúnlú agus cruth níos tarraingtí a chur orthu, fiú mura raibh sé ag teastáil uathu ó thaobh meáchain de. Is as sin a tháinig an cíochbheart mar a aithníonn muid inniu é, meascán de ghléas praiticiúil agus uirlis chosmaideach.
Mar is léir, tá stair na gcíochbheart fite fuaite le héabhlóid na cine daonna. Murach an cíochbheart, cá bhfios cá mbeimis inniu. Seans go mbeimis fós ar na crainn.
Is beag lá a théann thart i mo shaol gan duine éigin an cheist “cá as dhuit?” a chur orm. Chomh luath is a osclaím mo bhéal, aithníonn daoine nach de bhunadh na hÉireann mé agus éiríonn siad fiosrach. Cheapfá nach bhfuil rud ar bith cearr leis sin, ach dá gcuirfí an cheist chéanna ort chuile lá le deich mbliana anuas, nach n-éireofá bréan de?
Bíodh go bhfuil mise bréan den cheist, níl an saol mór timpeall orm bréan di in aon chor agus leanann sé ar aghaidh do mo cheistiú. Cad is féidir liom a dhéanamh? Rogha amháin ná éirí as aon iarracht cur ina choinne sin agus an cheist a fhreagairt go macánta. Ceart go leor: “Is as Poblacht na Seice mé.” Ach, leis sin, tá an comhrá maraithe mar tá sé ionann is cinnte cad tharlóidh ina dhiaidh: uimhir a haon, tosóidh mo dhuine ag insint dom faoi dheireadh seachtain éigin nuair a bhí sé i bPrág ar saoire agus é sáite sa bheoir, nó uimhir a dó, tosóidh sé ag cur ceisteanna orm an bhfuil mé ag obair anseo, ar tháinig mé go hÉirinn chun airgead a thuilleamh, an bhfuil dífhostaíocht ard i mo thír dhúchais, agus mar sin de. Cuma cé acu den dá threo a leanfaidh an comhrá ar aghaidh, bhí mé ann cheana. Yawn! Ar nós go gceapfadh gach duine sa saol gurb iad cúrsaí ólacháin agus cúrsaí fostaíochta na haon ábhair is féidir a phlé liom.
» Léigh ar aghaidh...
Tá DCU tar éis diúltú post buan a thabhairt dom. “Go raibh maith agat as freastal ar agallamh le haghaidh an phoist thuasluaite. De dheasca nach raibh tú in ann an post a líonadh go lánaimseartha ag an dáta oiriúnach, níl muid chun leanúint ar aghaidh le d’iarratas. Tá súil againn nach gcuirfidh sé seo bac ort cur isteach ar aon phostanna eile a d’fhéafadh teacht chun cinn amach anseo.”
Na créatúir mhíbhuíocha, ní thuigeann siad cad atá á chailliúint acu. Tá mé curtha ó dhoras, tá mé maslaithe, agus tá mé ag lorg post. Aon mholtaí ag éinne?
Ar bhealach, réitíonn sé seo an fhadhb a bhí agam cheana maidir le cuing an phoist lánaimseartha. Fós féin, caithfidh mé teacht ar bhealach éigin chun íoc as an saol sócúlach a chleachtaim! Ná moltar aon McJobs mar sin, le bhur dtoil. Post cluthar teolaí oifige atá uaim, ar bheagán dua is mórán airgid.
Caithfidh mé mo chártaí a leagan ar an tábla: is maith liom an tAontas Eorpach! Is é an tAontas Eorpach ceann de na heagrais ar breá le daoine gearán fúthu. Go deimhin, ní annamh mé féin i mbun gearáin faoi mhionrud anseo nó ansiúd – ach, ar an iomlán, tá mé ag tacú leis na bunphrionsabail ar a bhfuil an AE bunaithe agus leis an treo ina bhfuil sé ag forbairt.
» Léigh ar aghaidh...
Tráth na Nollag a tharlaíonn na rudaí is craiceáilte ar fad. Rud a tharla domsa an Nollaig seo ná gur phós mo thuismitheoirí. Sea, tá tú á léamh sin i gceart: phós mo thuistí. An rud atá ann, bhí mo mháthair agus mo leasathair in aontíos le chéile le hocht mbliana déag, ó bhí mé féin i mo dhéagóir, gan iad a bheith pósta. An port a bhí acu i gcónaí ná nach fiú pósadh, gur cuma faoin phósadh má tá tú i ngrá, nach bhfuil sa phósadh ach píosa páipéir gan tábhacht, agus mar sin de. N’fheadar cad a tháinig orthu chomh tobann sin – ciall le haois, b’fhéidir? – ach bhí bainis acu seachtain roimh an Nollaig.
» Léigh ar aghaidh...
Anois agus mé i mo mhac léinn i gColáiste na Tríonóide le téarma amháin anuas, tháinig mé ar an chonclúid gur áit an-ait é an coláiste seo. San alt seo thíos, ba mhaith liom liosta a thabhairt den aiteas ar fad atá bailithe agam go dtí seo – agus bígí cinnte gur liosta le háireamh é!
» Léigh ar aghaidh...
Bíonn formhór againn ag obair i bpostanna lánaimseartha. Téann muid isteach san ionad oibre céanna gach maidin agus déanann muid mórán an obair chéanna gach lá. Sin mar a bhí agam féin, freisin, go dtí gur thug mé droim láimhe don fhostaíocht lánaimseartha le déanaí agus d’fhill ar an ollscoil chun staidéar iarchéime a dhéanamh – agus is féidir liom a thuairisciú go bhfuil an saol i bhfad níos taitneamhaí an bealach sin!
Is breá liom an tsaoirse nua-aimsithe seo nach raibh agam roimhe. Is breá liom na bearnaí idir na léachtaí nuair is féidir liom mo rogha rud a dhéanamh, gan a bheith buartha gur chóir dom bheith san oifig. Is breá liom an éagsúlacht: cé go bhfuil post fós agam, níl mé ag obair ach dhá lá sa tseachtain agus tá an chuid eile den tseachtain agam chun díriú ar nithe eile seachas freastal ar chruinnithe, suí os comhair ríomhaire agus airgead a thuilleamh.
I bhfocail eile, tá mé ag baint níos mó spóirt as an saol anois agus mé saor ó chuing an phoist lánaimseartha. Tá fobhlas searbh air sin, áfach. Níl sa socrú atá agam faoi láthair ach faoiseamh sealadach ó ghnáthchúramaí an tsaoil. Ar bhealach, tá mé ar saoire, agus ní féidir fanacht ar saoire go deo. Lá amháin, beidh an cúrsa críochnaithe, an mháistreacht bainte amach, agus ní bheidh de rogha agam ach filleadh faoin chuig arís. Beidh sé sin pianmhar.
Domhnach
21
Deireadh Fómhair
2007
Nóta beag: foilsíodh alt liom le déanaí san iris Multilingual Computing and Technology faoi ríomhaireacht le Gaeilge agus faoi na dúshláin a bhaineann leis an teanga agus logánú bogearraí á dhéanamh. Tá an t-alt ar fáil anseo mar chomhad PDF, má bhíonn suim ag éinne.