Leon na Seice ag seinm Chláirseach na hÉireann
LEON NA SEICE I nGLEIC LE CLÁIRSEACH NA hÉIREANN
MACHNAÍM, DÁ BHRÍ SIN, SCRÍOBHAIM  
Déardaoin
11
Feabhra
2016

Imbolc 2016: imprisean pearsanta

ImbolcIs fada mé ag triall ar Imbolc, féile lae a bhíonn ar siúl i mí Feabhra gach bliana i mBaile Bhuirne in iarthar Chorcaí. Ag Imbolc bíonn cuireadh ag ochtar cainteoirí cur i láthair 20 nóiméad an duine a dhéanamh ar cibé ábhar a bhfuil spéis acu ann. Tá cead ábhar ar bith a tharraingt isteach: eolaíocht, litríocht, polaitíocht, rud ar bith. An t-aon choinníoll ná, cé gur i nGaeilge atá na cainteanna, tá cosc ar an Ghaeilge mar ábhar lárnach na cainte. Mar sin, ní bhfaighidh tú gearán anseo faoi mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht ná páipéar acadúil faoi stair an tuisil ghinidigh i nGaeilge na Mumhan. Leis sin, tá Imbolc thar a bheith éagsúil ó aon ócáid ‘Ghaeilge’ eile, go bhfios dom. Tá sé i nGaeilge, ach ní faoin Ghaeilge atá sé. Bhí Imbolc ar siúil arís i mbliana agus bhí mé ann gan teip. Agus rith liom gurbh fhiú dom cuntas a scríobh ar na cainteanna a bhí ann, chun a léiriú don saol mór chomh fiúntach is atá sé mar ócáid agus chun leithscéal a thabhairt daoibh teacht chuige an chéad uair eile! Seo chugaibh é.

Ag tús an lae thug Ciara Ní Éanacháin caint ar an fhilíocht agus ar an dóigh a bhfuil an tIdirlíon tar éis saol nua a tabhairt don fhilíocht. Má dhéanann tú machnamh air tá an fhilíocht thar a bheith oiriúnach do ré an Idirlín agus na líonraí sóisialta toisc go mbíonn sí gearr agus gonta – mar aon le dornán eile seánraí scríbhneoireachta, dála an splanc-fhicsin agus na blagála. Ní bás ach beatha agus borradh a thug an tIdirlíon don scríobh agus don léamh. Tús dearfach don lá ag Imbolc!

An tOllamh David Stifter as Ollscoil Mhá Nuad a chuir a thionscadal nua Chronologicon Hibernicum inár láthair. Sa tionscadal seo déanfar anailís ar théacsanna Sean-Ghaeilge. Tá sé de phribhléid ag stair scríofa na Gaeilge go dtéann sí níos faide siar ná mórán teangacha eile san Eoraip. Tá lúb ar lár, áfach: cé go bhfuil cuid mhaith seantéacsanna fós ar marthain tá an-chuid acu gan dáta: níl a fhios cathain a scríobhadh iad. Beidh Chronologicon Hibernicum ag cur tréithe teangeolaíocha na dtéacsanna i gcomparáid le chéile, féachaint iad a dhátú níos cruinne: cineál eachtarshuíomh teangeolaíoch, más maith leat. Is é seo an chéad iarracht a dhéanfar in aon teanga ar anailís den saghas ar théacsanna ársa.

Tionscadal acadúil eile a bhí á chur i láthair ag Feena Tóibín, mac léin dochtúireachta i gCorcaigh, atá i mbun anailíse ar dhialanna pearsanta Dhubhghlais de hÍde. Dar ndóigh, tá eolas go leor ar Dhubhghlas de hÍde mar chéad uachtarán na hÉireann, mar náisiúnaí agus mar athbheochantóir na Gaeilge. Sna dialanna a choimeád sé agus é sna déaga, áfach, tá eolas ar an dóigh a raibh sé sula raibh aon iomrá air. Tá fianaise ann ar an dóigh a bhfuil fear óg as teaghlach Protastúnach Angla-Éireannach ag teacht in inmhe, ag cur feabhais ar a chuid Gaeilge (nach raibh aige ó dhúchas) agus ag glacadh chuige tuairimí náisiúnaíocha.

Ón am atá caite go dtí an t-am i láthair a thug Antóin Ó Lachtnáin muid, ionadaí na heagraíochta deonaí Digital Rights Ireland atá ag feachtasaíocht ar son na príobháideachta ar líne. Anois agus gach duine nó geall leis gafa le seirbhísí saor in aisce ar nós Facebook agus Google, ní mór a choinneáil i gcuimhne nach bhfuil siad saor in aisce i ndáiríre: is le do chuid sonraí pearsanta atá tú ag díol astu. Díolann na comhlachtaí sin rochtain ort le fógróirí, agus is é a leas é a oiread sonraí fút a bhailiú agus is féidir – rud a chuireann cathú orthu gan bacadh mórán le cúrsaí príobháideachta.

Bealach amháin chun smaoineamh faoi chúrsaí príobháideachta ar líne is ea a rá gur coincheap as feidhm é an phríobháideacht, nach príobháideach d’aon rud ar an idirlíon agus go gcaithfidh na húsáideoirí glacadh leis sin. Ní aontaíonn Digital Rights Ireland leis sin. Tá siad ag feachtasaíocht ar son rialacha soiléire dlí a bheith ann maidir le ceisteanna ar nós: cén sonraí is ceadmhach do chomhlachtaí a bhailiú fút, cé aige a bhfuil rochtain ar na sonraí, cá fhad a bhfuil cead acu na sonraí a choimeád.

Tá tábhacht faoi leith ag na ceisteanna seo in Éirinn mar is abhus tá ceanncheathrúna Eorpacha na gcomhlachtaí móra idirlín. Is ar an Choimisinéir Cosanta Sonraí in Éirinn a thiteann sé déileáil le gearáin ó fud fad na hEorpa, freagracht nach beag. Tá Digital Rights Ireland den tuairim nach bhfuil oifig an choimisinéara seo neamhspleách a dhóthain agus go mbíonn sé ag taobhú an iomarca le leas na gcomhlachtaí móra (agus le leas pholasaí eacnamaíoch an rialtais) seachas le leas na n-úsáideoirí.

Rinne Tomás Mac Uidhir ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh cur i láthair ar an chomhaontú COP 21 a rinneadh i bPáras le déanaí. Mhínigh sé stair na gcomhaontuithe éagsúla idirnáisiúnta a rinneadh leis na blianta anuas chun srian a chur le hathrú aeráide (Kyoto agus eile) agus leag sé amach na geallúintí atá tugtha sa cheann is deireanaí seo i bPáras. Tá go leor neamhchinnteachta ag baint leis na geallúintí seo fós. An leor iad, fiú má chuirtear i bhfeidhm go hiomlán iad – rud nach bhfuil mórán daoine ag súil leis, i bhfianaise na gcomhaontuithe a tháinig roimhe?

Dúinne san Eoraip tá sé tábhachtach a thuiscint gurb é an tAontas Eorpach is sínitheoir do chomhaontú COP 21 seachas na ballstáit aonair. Beidh plé agus idirbheartaíocht ar siúl anois san Aontas Eorpach féin chun na freagrachtaí a dháileadh ar na ballstáit éagsúla. Agus dúinne in Éirinn tá sé tábhachtach go speisialta cén éifeacht a bheidh aige ar thionscal na feirmeoireachta.

Seo moladh beag fánach a rinne Tomás ag deireadh a chainte: anois agus olltoghchán orainn, beidh iarrthóirí ag teacht chugat is ag lorg vóta. Cuir ceist orthu cén plean atá acu don tír seo glacadh le torthaí COP 21. Agus ná tabhair vóta dóibh siúd nach mbeidh freagra ciallmhar acu.

Chun faoiseamh a thabhairt dúinn ó na hábhair dháiríre tháinig draíodóir darbh ainm cleite Rua ar na stáitse. Is é atá i gceist le ‘draíocht’ anseo ná cleasa le cártaí agus mar sin de. Thaispeáin Rua an-chuid díobh sin dúinn, ach toisc gur Imbolc é seo seachas oíche siamsaíochta, mhínigh sé cuid de na prionsabail síceolaíochta a bhaineann leo. Is amhlaidh gur rud casta neamhfhoirfe is ea cognaíocht an duine. Abair radharc na súl, mar shampla. Go minic, ceapann tú go bhfeiceann tú níos mó ná an méid a fheiceann tú i ndáiríre: líonann an intinn na bearnaí le cibé rud a bhfuil sé ag súil leis. Is féidir le cleasaí cliste leas a bhaint as sin chun dallamullóg a chur ort. Bíodh go bhfuil an míniú sin soiléir sa teoiric, ní bhaineann sé den aontas a chuireann na cleasa ort!

Is geall le léacht ollscoile a bhíonn cuid mhaith de na cainteanna ag Imbolc, ach d’imigh Diarmuid de Faoite, an t-aisteoir cáiliúil, ón mhúnla sin: ní léacht a thug sé ach léigh sé scéal. Léigh sé scéal agus ní déarfaidh mé a dhath faoi mar ní thabharfainn a cheart dó ná don phlé a lean é. Ach, an oíche roimhe, bhí an fear céanna tar éis léiriú stáitse a dhéanamh den dráma Pádraig Ó Conaire ina rianaíonn sé saol an scríbhneora chlúitigh sin, ó luathbhlianta a shaoil i nGaillimh go dtí a bhás truamhéalach in ospidéal na mbocht i mBaile Átha Cliath. Ní bréag a rá gur seo an dráma is fearr dá bhfaca mé le fada. Tá an-mheas agam ar shaothar pinn Phádraig Uí Chonaire. Tá cuid dá scéalta chomh hálainn sin, idir ábhar agus teanga, go mbainfidís deora as do shúile.

Ar deireadh luafaidh mé caint a thug aisteoir eile, Síle Nic Chonaonaigh, a bhfuil aithne uirthi ón chlár teilifíse Garraí Glas i measc rudaí eile. D’imigh sise ó mhúnla na léachta freisin agus thug sí léargas an-phearsanta ar dhoimhne a machnaimh ar an dúlra agus ar chaidreamh an duine leis an dúlra, ar an dóigh a mhúineann an dúlra meas agus ciúnas don duine. Luaigh sí freisin a thábhachtaí is atá sé, dar léi, do ‘threabh’ féin a aimsiú sa saol, treabh daoine atá ar aon nós leat agus a ghlacann leat. Níl a fhios agamsa an bhfuil mo threabh féin aimsithe agam go fóill, ach tá mé an-sásta i dtreabh seo Imbolc. Is beag rud is fearr sa saol liom ná deireadh seachtaine a chaitheamh i gcomhluadar daoine meabhracha. Beidh mé ar ais an bhliain seo chugainn!

Imbolc 2016
Ivana V. a rinne an léaráid seo. An aithníonn sibh sibh féin ann, a chainteoirí?
comments powered by Disqus
Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá cead ag gach duine na haltanna seo a athúsáid cibé bealach is mian leo, iad a chur i gcló i bhfoilseacháin eile fiú, ach cloí le forálacha Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Ireland License.
RSS RSS