Ag fágáil slán ag an nead
Cloisim go ndearnadh suirbhé thall sa Bhreatain ina bhfuarthas amach go bhfuil duine as ceathrar idir 20 agus 40 bliain d’aois fós ag maireachtáil in aon teach lena dtuismitheoirí.
Bhuel. Mar dhuine a d’éiligh ón nead agus mé 18 bliain d’aois, ní thuigim céard a thabharfadh ar dhuine óg fanacht. Cócaireacht agus glantachán mamaí, is dócha. Ach nuair a chuimhním siar ar m’óige féin, ba chuma liom faoin chócaireacht agus faoin ghlantachán. Saoirse a bhí uaim agus bhí mé sásta fulaingt ar a son – más féidir “fulaingt” a thabhairt ar do chócaireacht féin a dhéanamh (agus a ithe).
Ní hé sin le rá nach raibh mé ag réiteach le mo thuistí agus mé óg – ná baol air. Ach ceapaim gur shroich mé pointe ag aois áirithe mar ar éirigh an saol sócúlach sa bhaile róchúng agus tháinig fonn orm aithne ní b’fhearr a chur ar an saol mór, féachaint ar an domhan agus mé saor ó dhearcaí agus réamhchlaontaí mo mhuintire féin.
B’é sin an rud ab fhearr a rinne mé riamh. Táim ionann is cinnte go mbeadh mo shaol i bhfad Éireann níos leimhe ná mar atá dá mbeinn fanta sa bhaile ag an am cinniúnach sin. Agus, bíodh a fhios agaibh, ceapaim gur fearr agus láidre an caidreamh le mo thuismitheoirí dá bharr, freisin.
Is ait liom nach dtuigeann duine óg as ceathrar é sin.


Is dócha go dtuigeann. Ach is minic cúiseanna airgidis a bheith taobh thiar de. Deacair lóistín aimsiú.