Leon na Seice i ngleic le Cláirseach na hÉireann An Cainteoir Dóchais
| FOCAL.IE » | POTAFOCAL.COM »
| BLAG | ETC... |
Máirt
2
Feabhra
2010

An fáth nach scríobhaim ar Wikipedia

WikipediaAthraíonn an saol go tapa, go háirithe an saol ar an Idirlíon. Is minic muid go hiomlán spleách anois ar rudaí nárbh ann dóibh fiú bliain ó shin. Ceann de na rudaí a shleamhnaigh isteach i mo shaol an bealach seo ná Wikipedia, “an chiclipéid shaor ar féidir le cách í a chur in eagar”, mar a deirtear ar an suíomh. Ó thug mé faoi deara gurb ann di, bíonn sí do mo chuidiú go dílis ó lá go lá, bíonn sí i gcónaí ar fáil chun mo chuid ceisteanna a fhreagairt. Is beag lá oibre nach dtugaim cuairt uirthi agus, ós rud é go bhfuil mé tar éis an t-uafás tairbhe a bhaint aisti, níorbh fhada gur rith an cheist liom, ar cheart dom alt nó dhó a scríobh ar Wikipedia? Ar chóir dom, tuigeann tú, rud éigin a thabhairt ar ais, in ionad a bheith ag tarraingt as an t-am ar fad?

Is ceist coinsiasa é agus is deacair éalú uaithi. Gach uair a bhaineann tú eolas éigin as Wikipedia, tá tú ag brath ar dhea-thoil na ndaoine a scríobh na haltanna sin agus a rinne saor in aisce é. Daoine breátha uaisle nach bhfuil rompu ach leas an domhain. Cuireann sé náire orm bheith ag tarraingt as an tobar sin gan a beith ag cur leis.

Más ea, bhain mé triail as cúpla alt a scríobh agus as eagarthóireacht a dhéanamh ar roinnt altanna a bhí ann cheana. Bhain mé triail as sin cúpla uair ach d’éirigh mé as tar éis tamaill. Níor bhain aon spórt leis. Ní raibh mo chroí istigh ann. Deirtear go mothaíonn tú go maith tar éis obair dheonach a dhéanamh ar son an phobail, ach níor mhothaigh mise mórán de sin, agus an beagán a mhothaigh, níor leor é chun mé a choimeád ar siúl.

Ós rud é gur duine machnamhach mé, rinne mé machnamh air sin agus tháinig mé ar an tuairim go bhfuil fadhb amháin ag baint le Wikipedia a chuireann mise agus mo leithéidí ó dhoras. An fhadhb ná go bhfanann na húdair anaithnid. Níl ainm an údair (nó na n-údar) luaite leis na haltanna agus, dá bhrí sin, níl aon chreidiúint ag dul dóibh. B’shin an fáth ar tháinig lagmhisneach agus leadrán orm tar éis cúpla alt: ní raibh m’ainm luaite leis an obair, ní raibh éinne tar éis “go raibh maith agat” nó “maith an fear” a rá liom.

B’fhéidir gur duine sotalach mé ach tá na nithe seo tábhachtach dom. Is maith liom admháil a fháil ar obair a rinne mé, go háirithe más obair saoir in aisce é. Ní ar thóir airgid atá mé – go deimhin, ní eitím obair dheonach a dhéanamh más ar chúis mhaith atá sí, agus go deimhin tá a leithéid déanta agam roinnt mhaith uaireanta cheana. Ach ceapaim gur cuid den nádúr daonna é bheith ag súil le cúiteamh i bhfoirm éigin, ní gá gur cúiteamh ábharaíoch é, déanfaidh focal aitheantais cúis. Ní dhéanfaidh tost, áfach.

Tá tuairim agam nach bhfuil mé i m’aonar ar an ábhar seo, gur dearcadh é seo atá ag formhór an chinne dhaonna. B’fhéidir gur tuairim chiniciúil é ach ceapaim go mbíonn daoine ag lorg luach a gcuid oibre i gcónaí, fiú más “obair dheonach” atá i gceist. I gcás oibre deonaí, is é an stádas, an admháil go ndearna tú go maith, an t-airgeadra. Ní thugann Wikipedia mar chúiteamh ach tost agus ní leor é sin d’fhormhór againn, mise san áireamh.

Bhuel, tá go maith, ach an t-aon fhadhb ná ní réitíonn sé seo an cheist choinsiasa a bhí agam ag an tús. Bíonn mise agus mo leithéidí ag tarraingt as Wikipedia gan a bheith ag tabhairt rud ar bith ar ais. Conas is féidir an choimhlint mhorálta sin a réiteach? Ar an dea-uair, tá bealach amháin eile ann agus sin airgead a dheonú do Wikipedia. Feicim go bhfuil nasc chun é sin a dhéanamh ar fáil ar gach uile leathanach. Anois, cá bhfuil mo chárta creidmheasa?

Bhí mé ar bís an t-airgead a lua leat ó thús an ailt anuas, ach tháinig tusa chuige sin ... faoi dheireadh thiar thall! ;-) Tá rud amháin faoin idirlíon nár thaitin liom riamh: an méid neamhainmníochta atá ar siúl air. Is ionadh liom fós go léim blaganna is eile go rialta, i nGaeilge agus i mBéarla, nach bhfuil mar ainm ar an údar ach “Aristotle” nó “Máire Mhór” nó rud éigin eile mar sin.

... ar bís LEIS an airgead... Ba cheart dom an méid a scríobhaim a léimh roimh an cnaipe a bhrú dom!

An bhfuil an aiste seo léite agat?

Maidir le Wikipedia, níl an méid a chuireann tú isteach go hiomlán anaithnid, nó ní gá dó a bheith. Bíonn lorg san stair, ar a laghad seoladh IP ach ainm úsáideora má roghnaíonn tú é. Sílim go bhfuil pobal ann, agus aitheantas dá réir d’eagarthóirí díograiseacha.

Cad a deirtear? Más é moladh atá uait, faigh bás! Ní raibh moladh le fáil ó obair dheonach ariamh.

Ní fíor sin. Dá mbeadh sin fíor, ní bheadh gluaiseacht na bhfoinsí oscailte ann in aon chor!

Sé Dia a chas thart thú, a Mhicilín! Tusa, agus cibé duine eile a chuireann leis an eolas ar Wikipedia, suíomh as a mbainim féin úsáid go rialta.

Más mian leat, bíonn deis ann chun rud a scríobh agus aitheantas a fháil as - do An Gael (agus is obair dheontach í, fós...). Ba bhreá liom alt leatsa a fháil. Is iomaí rud a bheadh le rá agat ar ábhar idirnáisiúnta, geallaim.

Ainm nó leasainm:
Suíomh Gréasáin (roghnach):
Athscríobh an uimhir seo ina figiúirí (chun turscar a chosc)
naoi naoi náid naoi ceathair

Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá siad á gceadúnú le haghaidh athúsáide faoi Creative Commons Attribution-Noncommercial-Share Alike 2.5 License. Tá cead iad a athúsáid agus a athdháileadh chun críocha neamhthráchtála amháin a fhad a thugtar aitheantas dom mar údar, agus a fhad a chuirtear nasc ar fáil anall chuig an bhlag seo.