Bata is bóthar don charr
Ceann de na rudaí is mó is fuath liom sa saol seo ná carranna – rud atá aisteach go leor mar tógadh mé i mbaile beag a raibh monarcha mhór carranna ann, an gnó ba thábhachtaí san áit. Más ea, cheapfá go mbeadh bá agam do charranna. Níl.
Níl ceadúnas tiomána agam, ní raibh carr agam riamh agus is cosúil nach mbeidh go deo. Ceapaim gur mó trioblóid ná tairbhe a bhaineann le carr a bheith agat. Caithfidh tú bheith buartha faoin árachas a íoc, faoi spás páirceála a aimsiú, faoi thranglaim tráchta a sheachaint, faoi gan a bheith ag ól roimh dhul ag tiomáint, faoi gan a bheith ag úsáid an ghutháin agus tú ag tiomáint, agus cá bhfios cad eile. Samhlaítear gurb ionann don charr agus don tsaoirse – tuairim a d’eascair as Meiriceá, creidim – ach a mhalairt atá fíor.
Thar aon rud eile, áfach, tá mo réamhchlaonadh i gcoinne carranna bunaithe ar an eagla. Gach uair a shuíonn tú isteach i gcarr, tá baol ann go maróidh tú tú féin nó duine eile agus tú ag tiomáint. Is rud é an carr atá níos mó, níos crua agus níos láidre ná an duine. Ní nach gnách don charr imeacht ó smacht a thiománaí. Ar na laethanta seo agus ceadúnas tiomána ag formhór mór na ndaoine, fiú daoine nach mbeadh meas madaidh ag madadh orthu, is uirlis mharfach é an carr.
Bhí na tuairimí sin agam i bhfad sular tháinig cúrsaí timpeallachta isteach sa scéal. Aithnítear anois gurb é an carr ceann de na foinsí truaillithe is measa agus gurb é an carr céanna ceann de na cúiseanna ídithe ola is mó. Is fíor sin agus tá sé sin go maith ach tá an réamhchlaonadh atá agamsa i leith carranna níos seanbhunaithe ná sin.
É sin ráite, oireann sé dom go bhfuil an tuiscint ag éirí níos coitianta anois gur drochrud é an carr. Ceapaim gur beag duine nach mothaíonn “rud beag ciontach” gach uair a théann sé nó sí taobh thiar den roth stiúrtha – díreach ar an nós céanna a mhothaíonn daoine “rud beag ciontach” agus iad ag eitilt, ag ithe in McDonald’s nó ag ceannach seacláide nó oráiste a iompraíodh leath an bhealaigh timpeall an domhain. Is nós meánaicmeach anois é bheith ag mothú “rud beag ciontach”. Is beag seachtain nach mbíonn tuairisc shotalach i gceann de na hirisí meánaicmeacha ar an iarracht a rinne duine éigin leathcháiliúil déanamh gan chearr ar feadh seachtaine nó rud éigin. “Tá sé, loike, chomh deacair sin? Ach caithfidh muid go léir, loike, ár gcuid a dhéanamh ar son na timpeallachta?”
Cé go gcuireann an faisean seo ag gáire go ciniciúil mé, cuirim fáilte roimhe mar tá súil agam go gcuirfidh sé deireadh le forlámhas an chairr ar shaol an duine dhaonna. Beidh muid go léir níos fearr as má thugann muid bata is bóthar dó.


N’fheadar. Aontaím leat, sceon an cúis nach bhfuil ceadúnas agamsa. Ach níl sé baileach chomh simplí sin tar éis roinnt glúinte de “phleanáil” a rinne talamh slán de go mbeadh carr ag gach teaghlach.