Idirlíon + fógraíocht ≠ brabús
Is fiáin an áit é an tIdirlíon agus is minic nach mbíonn cúrsaí de réir na loighce ann. Ceann de na rudaí nach bhfuil loighiciúil, dar liom, ná gur deacair brabús a thuilleamh ar an Idirlíon.
Lena rá níos cruinne, tá sé deacair brabús a thuilleamh as ábhar a chur ar fáil ar an Idirlíon. Níl aon deacracht ag comhlachtaí atá ag plé le hinfreastruchtúr an Idirlín, ar nós Eircom – tá siadsan ag suí go te. Ach bíonn deacrachtaí airgid acu siúd a bhfuil a ngnó bunaithe ar ábhar a chur i láthair daoine, leithéidí YouTube, chomh maith le foilsitheoirí nuachta ar nós an Irish Times, a bhfuil ag teip orthu aon ioncam substaintiúil a bhaint as a gcuid suíomhanna Idirlín, cé go bhfuil an-trácht go deo orthu. Cén fáth?
I réamhstair an Idirlín is gá fréamh na faidhbe a lorg. Tháinig an tIdirlíon ar an fhód sa saol acadúil mar áis chun eolas a mhalartú go saoráideach, beag beann ar chúrsaí airgid. Tá rian den traidisiún sin fós le sonrú go láidir sa lá atá inniu ann: bíonn daoine ag súil le hábhar ar an Idirlíon a bheith saor in aisce.
Is réamhchlaonadh míréasúnta é seo má dhéanann tú do mhachnamh air. Bíonn daoine sásta íoc as an nuachtán clóite ar maidin, ach bheadh leisce orthu an mionairgead céanna a chaitheamh ar nuachtán a léamh ar líne. Ní hé sin le rá nach léann daoine nuachtáin ar líne – is é léamh na nuachta ceann de na húsáidí is mó a bhaintear as an Idirlíon – ach é a bheith saor in aisce.
Bíodh sin mar atá, bíonn lucht foilsithe ábhair ag lorg bealaí eile chun na pinginí a tharaingt isteach agus is gnách dóibh dul i muinín na fógraíochta. Go deimhin, is geall le bó naofa í an fhógraíocht ar an Idirlíon. Is iomaí gnó bunaithe ar an chreideamh gur leor dóthain úsáideoirí a mhealladh agus go mbeidh gach rud togha tar éis sin mar díolfar na deiseanna fógraíochta.
Bhí sé seo mar phlean gnó ag an-chuid dreamanna trátha bhoilgeog an ‘ponc com’ agus tá a fhios againn cad tharla don bhoilgeog sin. Feictear dom anois go bhfuil an dara babhta den tuairimíocht chéanna tar éis teacht chun tosaigh le déanaí agus suíomhanna ‘sóisialta’ ar nós Facebook, Beebo, MySpace, Blogspot, Twitter agus YouTube i mbarr a réime. Ní bhíonn na fiontraithe seo róbhuartha faoi chúrsaí airgid agus an gnó á bhunú acu mar bíonn siad ag súil go mbeidh neart deiseanna acu íoc as an rud ach fógraíocht a chur ar an suíomh nuair bheidh slua mór tarraigthe acu. Ar bhealach is maith an rud é mar bronnann sé saoirse orthu nithe nua cruthaitheacha a thionscnamh. Ach caithfear an píobaire a íoc ag an deireadh agus sin é an áit a dtagann an crú ar an tairne.
Ar chúis éigin, ní oibríonn an plean “slua a tharaingt, fógraíocht a dhíol” ar an Idirlíon chomh maith agus a bhíonn daoine ag súil. Is beag dream ar éirigh leis ioncam maith a bhaint as gnó Idirlín atá bunaithe ar ábhar a chur ar fáil. Tá formhór díobh ag streachailt, fiú na fathaigh ar nós YouTube agus Twitter. Is tragóideach an mhaise é gur féidir suíomh an-rathúil a bheith agat gan tada de bhrabús a bheith á bhaint agat as. Má bhíonn an t-ádh leat, seans go n-éireoidh leat an suíomh a dhíol le dream éigin níos mó ná tú féin sula mbéarfaidh lámh dhofheicthe an mhargaidh ort – mar a rinne lucht bunaithe YouTube, mar shampla, a dhíol an suíomh le Google. Ní réiteach na faidhbe é seo, áfach. Fiú anois agus na gazilliúin úsáideoirí ag triall ar YouTube gach lá, níl an suíomh ag tuilleamh brabúis. (Ní admhaíonn Google é sin go hoscailte ach glac leis go ndéanfaidís scéal mór as dá mbeadh a mhalairt fíor.)
Níl a fhios agam cén fáth nach n-oibríonn an patrún gnó seo ar an Idirlíon, go háirithe más rud é go n-oibríonn sé go breá sna meáin eile: tá stáisiúin raidió, stáisiúin teilifíse agus nuachtáin fiú ann nach bhfuil de theacht isteach acu ach fógraíocht agus fós maireann siad go sócúlach. Níl a fhios agam cén fáth ach tá a fhios agam rud amháin, mar a dúirt mé cheana: ní bhíonn an tIdirlíon de réir na loighce i gcónaí.


Tá greim níos cinnte ag na sean mheáin ar figiúirí lucht féachana. Ach is easpa fógraíochta atá taobh thiar de teip na ghnáth mheáin clóite freisin. Beidh le feiscint. Tá modhanna eile airgead a thuilleamh as ábhar a chuir ar fáil ar an idirlíon. Is iomaí leabhar a thosaigh amach ar an idirlíon, abair. Tá gá le gnó san seomra mhór gorm a bhíonn baint aige leis an suíomh idirlín chun gnó a dhéanamh, feictear dom. Sin agus mionbhailiú airgid ar bhreis ábhair, mar a níonn an Irish Times lena gcartlann. Nó fiú miondeontais a éileamh - is iomaí blag mar sin atá feicthe agam.