Is mionlach muid
Is cuimhin liom gur léigh mé ar bhlag Seiceach éigin tamall ó shin nach bhfuil ach trian de dhaonra Phoblacht na Seice ina gcónaí i gcathracha a bhfuil os cionn 100,000 duine iontu. Níl a fhios agam cén dóigh a bhfuil na cúrsaí seo i dtíortha Eorpacha eile ach shamhlóinn nach mbeadh an scéal mórán ródhifriúil. Idir an dá linn, tháinig mé ar staitistic le déanaí a léiríonn go bhfuil trian de dhaonra an Aontais Eorpaigh tar éis gan úsáid a bhaint as an Idirlíon riamh. Sin trian dár gcomhshaoránaigh nach bhfuil aon ról ag na meáin leictreonacha ina saol acu. Agus fiú iad siúd a bhfuil úsáid bainte acu as an Idirlíon uair éigin, tá dream mór ann nach úsáideoirí flúirseacha iad mar níl gá acu leis: ar nós mo thuismitheoirí féin a mbíodh cuntas ríomhphoist acu tráth ach d’éirigh siad as mar ní raibh siad ag baint aon úsáide as.
Chuir sé sin i gcuimhne dom gur mionlach muid lucht na gcathracha móra a bhfuil teacht éasca 24×7 againn ar chuile rud faoin spéir, ceangal tapa Idirlín san áireamh agus an stíl beatha a ghabhann leis, an ríomhphost agus blaganna agus an phodchraolacháin agus Facebook, Twitter, YouTube agus cá bhfios céard eile. Tá daoine ann nach bhfuil cuntas Facebook acu, nach bhfuil blag acu, nár chuala trácht ar Twitter riamh, ach tá siad sona sásta mar sin féin. Tá an-chuid rudaí ar siúl amuigh ansin san “fheoilspás” (mar mhalairt ar an “chibearspás”) nár taifeadadh riamh ar aon bhlag nó ar aon phodchraoladh, caidrimh á gcothú idir dhaoine nach bhfuil eolas orthu ag Facebook. Agus ní mionlach imeallach iad na daoine seo a mhaireann san fheoilspás amháin. Is muidne, aos millte an Idirlín, an mionlach. Is fiú cuimhneamh air seo an chéad uair eile a bheidh tú ag scaipeadh scéil éigin tríd an Idirlíon: tá daoine ann agus ní scroichfaidh an scéal iad go deo.


Ach is mionlach ag fás muid!
Alt a bhaineann le hábhar - san Tagesspiegel