Leon na Seice ag seinm Chláirseach na hÉireann
LEON NA SEICE I nGLEIC LE CLÁIRSEACH NA hÉIREANN
MACHNAÍM, DÁ BHRÍ SIN, SCRÍOBHAIM  
Máirt
6
Bealtaine
2008

Is teanga í an Ultais

Mapa na hAlbainiseTá sé éasca dearmad a dhéanamh nach í an Ghaeilge an t-aon mhionteanga in Éirinn. Tá ceann eile ann, teanga ar a dtugtar Ultais. Is brainse é seo den Albainis, teanga ó dhúchas dheisceart na hAlban atá chomh cosúil leis an Bhéarla go gceaptar go minic nach teanga faoi leith atá inti in aon chor.

Go deimhin, tá roinnt mhaith daoine amuigh ansin nach bhfuil sásta an Ultais a aithint mar theanga mar “níl ann ach canúint”: maítear go bhfuil an Ultais róchosúil leis an Bhéarla, nach bhfuil aon traidisiún láidir scríbhneoireachta san Ultais, nach bhfuil ortagrafaíocht na teanga socair, agus mar sin de. Is argóintí suaracha iad seo, áfach. De réir na loighice céanna ní teanga í an Ollainnis mar is canúint na Gearmáinise í, ní teanga í an Ioruais mar is canúint na Sualainnise í, agus mar sin de. “Níl i dteanga ach canúint a bhfuil arm aici”, mar a dúirt an té a dúirt – agus ar na saolta síochánta seo, seans gur chóire a rá nach bhfuil i dteanga ach canúint a bhfuil pobal labhartha aici a aithníonn iad féin mar phobal faoi leith. Go bhfios dom, tá sé sin ag an Ultais, cé gur beag an pobal é.

Fiú i saol na Gaeilge, cuireann sé iontas agus fearg orm a oiread daoine a bhfuil an tuairim aiféiseach sin acu nach teanga í an Ultais. Cheapfá go mbeadh lucht mionteanga amháin báúil le lucht mionteanga eile. Sin mar a bhíonn i gcásanna eile – tá bá ag lucht na Gaeilge do lucht na Breatnaise nó na Catalóinise, mar shampla – ach ní amhlaidh atá i gcás na hUltaise. Oidhreacht na staire is cúis leis. Tá an Ultais ceangailte go han-láidir leis an aontachtachas, agus an Ghaeilge leis an phoblachtánachas. Tá amhras ag lucht na Gaeilge nach bhfuil san Ultais ach bata frithchosanta na n-aontachtóirí i gcoinne aon dul chun cinn na Gaeilge.

Tá mise den tuairim gur seasamh páistiúil seafóideach é seo. Bíonn lucht na Gaeilge ag áiteamh i gcónaí gur maith an rud é an t-ilteangachas. Más ea, tá sé míloighciúil stádas a cheilt ar aon teanga faoi leith, bíodh gur teanga na n-iarnaimhde atá inti. B’fhéidir go bhfuil sé in am próiseas síochána na dteangacha a chur sa siúl ar an oileán seo.

Tá an t-Ollainnis agus an Gearmáinis agam agus tá cónaí orm san Ollainn. B’fhéidir nach bhfuil mórán eolas agat faoi na teanganna sin ach, gan amhras, ní canúint na Gearmáinise í ar chor ar bith. Tá i bhfad níos mó i gcoitianta ag mar shampla an Pholainnis agus an Slóvaicis. Ar aon nós is rud polaitiúil é anois go deirtear gurb dteanga í an Ultais. I mo thuairim níl atá i gceist ach canúint Béarla na hAlban. Maidir liom níl duine san Ulainn leis an Ultais mar teanga dúchais cé nach bhfuild canúint ginearálta ag an dteanga. Más mian leat, is teanga í ach mar sin is teanga í canúint na Béarla i gach uile baile agus sráidbhaile in Éirinn. Gan leathscéal pholaitaíocht ní bheadh duine ar bith ag caint faoin Ultais.

“Is teanga í an Ultais”

Tá súil agam go bhfuil tú ag magadh?

Níl.

Ní aontaim ach oiread. Tá an ceart go hiomlán ag Aidan.

Ins an doigh chéanna ‘s atá Cockney an Lundain ina theanga... Nil, ná gar de!

Is fíor go bhfuil gné polaitíochta ag baint leis an gceist seo.

Ach ní dóigh liom go bhfuil sé chomh simplí sin agus a rá nach bhfuil san Ultais ach canúint den Bhéarla - canúint de Bhéarla na hAlbain, seans - ach tá stair éagsúil ag an Lallans agus ag Béarla Shasana.

Cinnte, is beag litríocht atá ag an Ultais, ach tá teangacha eile nach bhfuil litríocht ar bith acu.

Is dóigh liom, mar Ghaeilgeoirí, go mbeadh sé ar ár leas teacht i gcabhair orthu siúd a labhraíonn Ultais. Mar a rinneadh tamall siar nuair a bhí ócáid sa gCultúrlann i mBéal Feirste ag a raibh filíocht Ghaeilge agus Ultaise ar aon ardán.

Is tonga ay gwayligga blaw clee-ah, oggus shuh mar ascreefurr ay oss shuh amock right!, caw will muh yo-intuss then, taw shay fuchin tillta oggum fuch snakes! dough yayug fucin mill-yoon yewer-oh, cumon fuch sake turrum ay. Fucin ultish me bollics saw sue-uss duh hone ay. Is fucin tonga ay hiberno Irish, yea ogus caw will un fucin joentus le hi shin?

Ceart riv an horse egg joxer. Mahoo a yokser.

“Mar a rinneadh tamall siar nuair a bhí ócáid sa gCultúrlann i mBéal Feirste ag a raibh filíocht Ghaeilge agus Ultaise ar aon ardán.”

Bhal is léir mar sin, nach raibh tú féin ann. Bhí scaifte breá ann, gan dabht, ach cha raibh ach duine nó beirt a raibh Ultais/Albanis Uladh acu! Chualathas cupla focal Ultaise le linn na hoíche ar fad!

I’m sure that you are unaware of the Ulster-Scots language in terms of hearing it. On this level, I am the same. The only place this “language” is heard is of course BBC Radio Ulster, on an Ulster Scots version of the Teletubbies, ‘A Kist O Wurds”.

You should also take into consideration that this dialect is spoken mainly by unionists, whereas Gaeilge is spoken by Catholics, Presbyterians and in some cases Unionists across the island of Ireland. Before calling it a language, you should listen to it being spoken, read the little literature that is published and try and speak it. I’m sure as a multi-lingual person and a speaker of Béarla that it will be very simple.

You are both uneducated on the subject and unaware on many mediums, therefor I suggest you think before writing such blogs about them. Yours truly,

Rab Óg.

Is as Albain ó dhúchais mise... is í an Albainis mo chéad teanga, tá sí agam ón chliabhán (agus cuid bheag Gaeilge na hÉireann fosta)... níor chuala mé abairt Bhéarla go dtí go raibh me chúig bhliana d’aois (chuaigh mé ‘n a’ scoile ag an am sin, agus cheannaigh muid teilifís don chéad uair).

Ná bí amhras ag aoinne nach teanga í an Albainis: is teanga í cinnte, agus níl sí sothuigthe do lucht an bhéarla nuair a labharfar go cruinn í - tá tionchar mór ón Ioruais, agus ó Gadhlig na hAlbain uirthi fosta. Níl gramadach na hAlbainise díreach cosúil leis an Béarla an chuid is mó den am.

Ach, in anneoinn sin, caithfidh mé a rá nár chuala mé “Ultais” ariamh, agus mé ag obair le na blianta fada i ngach uile coirneál de tuaisceart na hÉireann - bíonn blas albanach ar bhéarla Aontroma, agus dornán focal Albainis i measc an bhéarla i Newtonards... ach níor chuala mé caniúint Albainis ar bith ann ariamh.

Más teanga í an “Ultais”, teanga iomlán marbh atá inti - beadh sé i bhfad níos fusa cainteoir líofa Klingon a fáil amach in Uladh na cainteoir measartha amháin na teanga shamhailteach eile sin!!!

comments powered by Disqus
Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá cead ag gach duine na haltanna seo a athúsáid cibé bealach is mian leo, iad a chur i gcló i bhfoilseacháin eile fiú, ach cloí le forálacha Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Ireland License.
RSS RSS