Leon na Seice i ngleic le Cláirseach na hÉireann An Cainteoir Dóchais
| FOCAL.IE » | POTAFOCAL.COM »
| BLAG | ETC... |
Máirt
16
Meitheamh
2009

Madra, gunna agus litir dlíodóra

Foinse: wendi.wikidot.com/enemiesTá sé in am labhairt faoi chearta rochtana faoin tuath arís. Tá sé in am labhairt fúthu arís mar tharla an “eachtra” arís. Bhí mo chailín agus mise ag siúl i gCill Mhantáin an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhuail feirmeoir feargach orainn, madra lena chois, gunna ina lámh agus litir dlíodóra sa lámh eile. Ceart go leor, tá mé ag áibhéal rud beag, ní raibh gunna aige, ach tuigeann sibh an saghas teacht le chéile a bhí ann. Cairdiúil ní raibh sé.

“Is liomsa an talamh seo, níl ceart agaibh dul air”. Ach bhí mise ag mothú cróga an lá sin (ní raibh gunna aige mar a dúirt mé) agus thosaigh mé ag cur cainte air. Bhog sé sin de bheagán é. Dúirt sé go gcothaíonn strainséirí trioblóid ar a thalamh. Dúirt sé go ndearnadh damáiste dá mhaoin agus go ndearnadh ionsaí ar a mhuintir. Dúirt sé nach bhfuil uaidh ach an Domhnach a chaitheamh go síochánta.

Bhuel. Nár chuala mé an port sin cheana. Tá mé dubh dóite den líne argóna a bhíonn ag feirmeoirí gurb iadsan na híospartaigh agus nach mbeadh deacracht ann murach go mbíonn daoine ag déanamh damáiste dá gcuid taracóirí, ag corraí a gcuid caorach nó ag bagairt ar a muintir. Níl aon fhianaise agam ach tá tuairim agam go bhfuil na scéalta seo aibhéalta acu, agus aibhéalta go mór. Tá tuairim agam nach bhfuil sna feirmeoirí seo ach cancráin nimhneacha chúngaigeanta, daoine a fheiceann an namhaid i ngach duine eile. Ceapaim gurb é sin fíorchúis na faidhbe, seachas drochiompar na strainséirí.

Ag deireadh na comhráite dúirt mo dhuine nach raibh trioblóid ar bith aige le siúlóirí sléibhe macánta ar nós linne, nach mian leis an lá a loit orainn agus lig sé dúinn dul ar aghaidh tar éis an tsaoil. Bhí sé sin go deas, ach bhí sé mícheart. Ní ceart bheith ag brath ar dheathoil na bhfeirmeoirí. Ba cheart dlí soiléir a bheith ann a chuirfeadh feoil ar chnámha an choincheapa teibí sin ar a gcuirtear “ceart slí poiblí”. Ba cheart go mbeadh marcáil shoiléir déanta ar na bealaí agus slite agus cosáin agus eile a bhfuil an ceart sin ag baint leo. Ba cheart go mbeadh cinnteacht ann i gcónaí, cibé bealach a dtéann tú sa tír, a bhfuil nó nach bhfuil ceart slí poiblí ann. Agus ní gá dul i bhfad ó Éirinn chun féachaint ar shampla de thír ina bhfuil a leithéid seo déanta: tá córas iontach soiléir ann sa Bhreatain Bheag agus is mór an faoiseamh é bheith ag siúl ann.

Go dtí go mbeidh a leithéid in Éirinn, ní bheidh deireadh tagtha le feirmeoirí binbeacha ar nós mo dhuine a loit an lá orainn in ainneoin go ndúirt sé nár mhian leis é.

Tá tuiscint éigin agam d’fheirmeoirí Chill Mhantáin sa chás seo - mar tá siad an ghár don ardchathair, agus níl gach duine chomh soineanta leatsa agus iad amuigh ag siúl.

Ach (faraor) tá an cheist seo freisin méar-fada-áilte ag Éamon Ó Cuív (cé eile!). http://www.pobail.ie/ie/ForbairtTuaithe/ComhairlenaTuaithe/

Tá gá le cearta an dá dream a leagan síos go ciallmhar - ach tá gá freisin le poilíneacht éigin. Cosain soiléir le dul amach ar na sleibhte agus ar thalamah oscailte an chéad céim.

Sea, “Troid na Talún” a d’fhág ceart sealúchais ní ba aoirde ná ceart an duine in Éirinn. Is trua sin. Tá gá le cothromacan cearta, go háirithe agus taithneamh a bhaint as áileacht na tuatha.

Cá raibh tú ag siúl go díreach?

In aice Áth na Sceire agus Prince William’s Seat. Tharla sé ar chosán tríd an choill amach ón Wicklow Way go Annacrivey. An feirmeoir a bhí i gceist ná Joe Walker, duine a bhfuil an-cháil air cheana as an saghas seo trioblóide a tharraing.

An fear sin? Bíonn seisean ag lorg achrainn! Agus, faraor, tá duine airithe ann i measc lucht siúl na sléibhe atá sásta rud a dhéanamh air.

Tá an ceantar áirithe sin íogair.

Nach suimiúil an sloinne sin ‘Walker’ don té a bheadh ag iarraidh stop a chur le bhur leithéidí! Ceist agam. Dá dtarlódh timpiste, agus dá mbeadh tusa gortaithe agus tú amuigh ag siúl ar thalamh an fheirmeora, cé a bheadh freagrach? An mbeadh cúiteamh ar fáil don té a gortaíodh, agus cé a bheadh freagrach as é a íoc? An bhfuil sé sin mar chuid den fhadhb, nó an bhfuil baint ar bith aige leis an scéal seo?

Sin é ceann eile de na leithscéalta a bhíonn ag na feirmeoirí, ceisteanna árachais. Agus dar ndóigh, bheadh an freagra céanna agam air sin: mura bhfreastalaíonn na dlíthe reatha ar an cheist go soiléir nó go sásúil, tá gá le dlí nua.

Sea, “Walker”, mo thóin!

Tá an dlí úd leasaithe le fada. Ar an siúlóir atá an fregaracht, muna bhfuil faillí trom déanta ag an úineir talúin.

Féach faoi “insurance problems” anseo mar shampla.

Má thuigim i gceart é, níl cead ag éinne in Éirinn bheith ar shealúchas príobháideach gan chead an úinéra. Nach é sin é?

Is leisean an talamh agus is eisean a thugann aire di. Ba cheart cead a iarraidh ar an fhir bhoicht sin sula dtéann sibh ag preabadh fríd a chuid talún. Dá mba eisean a bhí ag tabhairt a mhná ar siúlóid gach re lá fríd cúlgharraí s’agaibh féin i mbruachbhailte Átha Cliath ní bheadh sibh i bhfad ag cur fios ar na gardaí ag na doirse faoi ghlas agaibh.

Dála an scéil “úcaire” is cíall do Walker agus ní “siúlóir”. Agus ní cheart ainm an fhir bhoicht sin a lua go poiblí ar aon nós. Is beag meas atá agat ar mhuintear na tuaithe de réir cosúlachtaí.

Ainm nó leasainm:
Suíomh Gréasáin (roghnach):
Athscríobh an uimhir seo ina figiúirí (chun turscar a chosc)
cúig ceathair naoi naoi aon

Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá siad á gceadúnú le haghaidh athúsáide faoi Creative Commons Attribution-Noncommercial-Share Alike 2.5 License. Tá cead iad a athúsáid agus a athdháileadh chun críocha neamhthráchtála amháin a fhad a thugtar aitheantas dom mar údar, agus a fhad a chuirtear nasc ar fáil anall chuig an bhlag seo.