Ná hadhlactar na Glasaigh go fóill
Bhí a fhios againn go mbuailfí Fianna Fáil go dona sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha seo, ach is é teip an Pháirtí Ghlais an scéal is léanmhaire mar ní rabhthas ag súil leis. Fuair na Glasaigh cic mhór sa tóin agus tá dhá chúis leis sin, dar liom. Uimhir 1, tá siad tar éis bheith sa chomhrialtas agus tá cuid den fhuath atá ag daoine d’Fhianna Fáil tar éis greamú orthu féin. Uimhir 2, tá cúlú eacnamaíochta faoi lánseol agus tá cúramaí níos práinní ag daoine ná cúramaí “glasa”. In ionad bheith buartha faoin téamh domhanda nó faoin ola a bheith ag éirí gann, tá siad buartha faoina bpost féin agus faoin chéad íocaíocht eile ar an mhorgáiste.
Fágann sé sin nach é seo an tráth is oiriúnaí chun an pholaitíocht ghlas a chur chun cinn. Níl na fadhbanna ag imeacht, áfach. Tá an téamh domhanda fós ag siúl, tá an ola fós ag éirí gann, tá an domhan fós ar an bhealach go hifreann mura n-athrófar ón bhonn é. Is iad na páirtithe glasa, in Éirinn agus i dtíortha eile, a théann i ngleic leis an dúshlán seo ar bhealach macánta dáiríre agus a bhfuil plean acu rud éigin praiticiúil a dhéanamh leis.
Tuigim cén fáth a bhfuil daoine dall air seo faoi láthair agus ceisteanna níos práinní ag dó na geirbe acu. Ach tá sé geall le cinnte go mbeidh an tréimhse aisteach seo thart luath nó mall agus go gcuirfear na ceisteanna móra fadtéarmacha ar shúile na ndaoine arís. Tá lagtrá ag na Glasaigh faoi láthair ach tá a lá fós le teacht.


Is minic casadh i ndán páirtí ar bith tar éis dóibh bheith i Rialtas. Go hairithe páirtí cosúil leis na Glasaigh atá ag iarraidh rudaí nua a dhéanamh.
Bhí na t-achrann mhór ann idir na Fundis agus Realos i nGlasaigh na Gearmáine. Feictear dom go bhfuil níos mó Realos abhus, agus go dtiocfaidh siad as.
Ach bhí siad féin ag tuar rudaí mar seo nuair a chuaigh siad isteach i Rialtas leis an tsean namhaid.