Leon na Seice ag seinm Chláirseach na hÉireann
LEON NA SEICE I nGLEIC LE CLÁIRSEACH NA hÉIREANN
MACHNAÍM, DÁ BHRÍ SIN, SCRÍOBHAIM  
Luan
16
Feabhra
2009

Na hOileáin Bhriotanacha

na hOileáin BhriotanachaBhí plé ar siúl le déanaí ar leathanaigh Foinse mar gheall ar an téarma “British Isles”. Chuala duine an téarma á úsáid ar réamhaisnéis na haimsire ar an chainéal teilifíse France 24 agus níor thaitin sé leis. Scríobh cúpla duine chuig an nuachtán tar éis sin lena rá nach dtaitníonn an téarma leo ach an oiread.

Is seanscéal é seo, dar ndóigh, an scéal ar fad maidir le “ní cuid de na hOileáin Bhriotanacha muid”. Agus ní hiad na hÉireannaigh amháin a bhfuil gearán acu maidir le téarma tíreolaíochta a chuireann dream thar sáile orthu: cuimhnigh ar Mhurascaill na Peirse (ar fearr leis na hArabaigh Murascaill na hAraibe a chur uirthi), an Mhacadóin (nach maith a hainm leis na Gréagaigh) nó Oileáin Fháclainne (ar a gcuirtear Las Malvinas san Airgintín). Is amhlaidh gur uirlis thar a bheith mothúchánach é logainm.

Ar ais chuig na hOileáin Bhriotanacha. Tá an téarma seo á úsáid go forleathan ar Mhór-Roinn na hEorpa chun tagairt a dhéanamh don Ríocht Aontaithe agus d’Éirinn araon. Cén fáth? Tá an freagra simplí go leor: (1) feictear d’Eorpach na Mór-Roinne gur aonad faoi leith iad na hoileáin seo, dá bhrí sin (2) tá gá aige le téarma éigin orthu, ach (3) níl aon téarma eile le fáil. Amharcaimis ar na hargóintí seo ceann ar cheann.

(1) Is aonad faoi leith iad na hoileáin seo. Más Éireannach tusa, seans go gcreideann tú nach aonad d’aon saghas iad Éire agus an Ríocht Aontaithe. Ach creid uaim é: an té atá ag féachaint oraibh ó fhad i gcéin, feiceann sé an-chuid cosúlachtaí idir na Briotanaigh agus na hÉireannaigh. Labhraíonn sibh an teanga chéanna. Tiománann sibh ar an taobh ceánna den bhóthair. Tá an Dlí Coiteann agaibh. Cónaíonn sibh i dtithe brící dearga. Bíonn an bháisteach de shíor anuas oraibh. Ólann sibh tae. B’fhéidir nach gceapann tú gur fiú faic é seo, ach cuimhnigh nach ag féachaint ó fhad i gcéin atá tusa. Tá tusa ag féachaint ón taobh istigh. Is éasca na difríochtaí a fheiceáil agus tú i ngar don rud. I súile na nEorpach i bhfad uaibh, is beagnach ionann sibh.

(2) Tá gá le téarma éigin. Mura n-aithníonn tusa mar Éireannach gur aonad iad Éire agus an Ríocht Aontaithe, sa chás sin, dar ndóigh, níl gá agat le haon téarma, “na hOileáin Bhriotanacha” nó eile. De réir mar a fheiceann na hÉireannaigh é, ní hí an cheist “cad é an téarma ceart?” croí na faidhbe. Is é croí na faidhbe ná nach bhfuil téarma ar bith ceart, mar níl aon rud ann arbh fhiú téarma a chur air. Ní mar sin atá ag Eorpaigh na Mór-Roinne, áfach. Ní hé sin le rá nach dtuigeann an gnáth-Eorpach gur dhá stát neamhspleácha iad Éire agus an Ríocht Aontaithe. Tuigeann go maith. Níl ann ach go bhfuil gá aige le téarma éigin gonta ar an aonad seo arb ann dó, dar leis.

(3) Níl aon téarma eile le fáil. Cuimhnigh ar an réamhaisnéiseoirí aimsire ar an chainéal teilifíse Francach: cad is féidir léi a dhéanamh má chaitheann sí a rá go mbeidh báisteach ann os cionn na n-oileán seo? Níl aon ainm eile le fáil ach “na hOileáin Bhriotanacha”. Na téarmaí eile ar fad a moladh go dtí seo, mar shampla “na hOileáin Cheilteacha” nó “Oileáin an Atlantaigh Thuaidh”, níl glactha leo go forleathan agus ní bheidís sothuigthe.

An tátal atá le baint as seo ar fad ná: níl neart agaibh air. Go ginearálta, ní bhíonn mórán nirt againn ar na hainmneacha a chuireann daoine eile orainn. Tá baile i gcontae Loch Garman darb ainm Bastardstown. Meas tú gur muintir na háite féin a bhaist é sin air? Ní dóigh liomsa é. Na daoine a chónaigh timpeall orthu a bhaist orthu é, cuma ar thaitin nó nár thaitin sé le muintir an bhaile.

Dar ndóigh, tá daoine rud beag níos tuisceanaí ar na laethanta seo agus, ar an iomlán, bíonn daoine sásta éirí as ainm má ghoileann sé ort – ach caithfidh a fhios a bheith acu ar dtús go ngoileann! Bean na haimsire ar France 24, ní dóigh liom gur thuig sí gur ag tabhairt masla do mhuintir oileáinín bhig ar imeall na hEorpa a bhí sí. Ní thuigeann muintir na Mór-Roinne Éire de ghnáth. Mar sin, an té a rinne an gearán ar leathanaigh Foinse, seans gurbh fhearr dó an gearán céanna a chur chuig Le Monde nó Le Figaro. Ar a laghad, bheadh seans éigin aige go sroichfeadh sé na cluasa cearta.

Tá sé sinn i bhfad ró stuama dúinn! Na diabhail eachtrannaigh fuarchúiseacha seo!

Á! na diabhail ainmneacha agus scáil na poilitíochta ina leannán. Má iarrann tú caife Tuirceach sa Ghréig, gheobhaidh tú caife Gréagach, greamhas agus ceacht staire; ach tá an blas chéanna air. Caife Arabach a thabharfadh Arabach duit, gan athrú blais air

Bhí Litir breá ag Michal i bhFoinse ar seo. Ag tagairt éirí as Éire a áireamh mar chuid de na hOileán úd má éiríonn muide as an tSeic a áireamh mar chuid de Oirthear (seahas Lár) na hEorpa.

Is breá liom an sean chló Ghaelach seo a léamh faoi dheireadh ar an idirlíon.

Tá téarma inghlactha in úsáid san IT le fada - “These Islands”

Is sinne imleacán na cruinne.

Ó thaobh na staire de, ba Cheiltigh iad na Briotánaigh, bhíodh Ceiltigh ina gcónaí ar an dá oileán. Déanann an focal Briotánach tagairt don dá dhream. Bhí dhá theanga ann q-celtic agus p-celtic (gaeilge - q-celtic, cymraeg - p-celtic) agus d’eascair British ón fhocal breatnaise, ach bhíodh dream daoine ina gcónaí in Éirinn, na Cruithinn, seans gurb é an leagan q-celtic de Britain é. (leithscéal faoin litriú agus faoi na bearnaí san eolas ach go bunúsach, níl a dhath cearr le British san fhíorchiall den fhocal ach seo rud eile atá goidte ag Sasana is dócha)

Más ag tagairt d’Éirinn atáthar is féidir an téarma seo a úsáid; “Éire”. Más ag tagairt do Shasain mholfainn; “Sasain”. Tá mé i mbun taighde go fóill faoi Albain agus an Bhreatain Bheag. San idirlinn cluinim go bhfuil sé ag cur fearthainne sna tíortha Gearmánacha (an chuid sin den Eoraip a bhí faoina siúd smacht tá corradh beag agus trí scór bliain ó shin, idir Finisterre na Briotáine, tuaisceart na hAfraice, oirthear na Pólainne agus tuaisceart Chríocha Lochlainn).

Úps. “faoina smacht siúd” ba cheart do a scríobh.

“ba cheart dom a scríobh”.

“Bhí Litir breá ag Michal i bhFoinse ar seo. Ag tagairt éirí as Éire a áireamh mar chuid de na hOileán úd má éiríonn muide as an tSeic a áireamh mar chuid de Oirthear (seahas Lár) na hEorpa.”

Preit, a Mhicilín, an fíor é seo?

Éireoidh mé as “Stát Sóibhéadach na Seice” a bhaisteadh ar achar rith dlí na Práige má éiríonn tú as mo thírín a ghlaoch as a hainm. Ó! Mo dhearmhad, níor bhaist mé sin riamh ar an Seic! ;-)

Is fíor. Dar liomsa, ní cuid d’Oirthear na hEorpa í Poblacht na Seice agus ní raibh riamh agus tá breall orthu siúd a cheapann go bhfuil.

Bíodh sin mar atá, d’fhéadfadh cúrsaí a bheith níos measa. D’fhéadfadh go gceapfadh daoine gur as Iarthar na hÁise domsa seachas Oirthear na hEorpa.

An rud a bhí i dtreis agam go mbíonn dath polaitíochta ar lipéidí geograife. Agus uaireanta ní cheart glacadh scun scan le lipéidí daoine eile. Cá bhfuil an IndShín? Anchuid tíortha nach Ind nach Sín iad. Agus in ainm Chroim, cá bhfuil an meánOirthear? Beag duine a sceitsálfadh a chuimsí go beacht dhéarfainn. British Isles? Lipéid Shasanach a chumadh i ndiaidh Anschluss na hÉireann in 1801. Smaoinigh air. “Isle": focal fileata béarla nach bhfuil ina gcaint le fada an lá. Ag ligint filíocht ar an Anschluss? Ba bhocht an tÉireannach a shlogadh a gcuid bolscaireachta.

“Oileáin Iarthar na hEorpa” a chonaic mé i bhfoclóir éigin: ciotach? cinnte; cruinn? ar éigin é; ach tá sé gaelach is beag beann ar bholscaireacht na tíre thall.

Maidir leis an Seic, is fútsa atá ár múineadh. Tá mise mar dhuine dall uirthi. Tá tart orm a litríocht a bhlaiseadh trí mo theanga fhéin. Cé a chuirfeá in aithne dúinn?

An dóigh a bhfuil cúrsaí polaitíochta in Éirinn anois bheadh ar lucht an Bhéarla ‘Great Britain and the Island of Ireland’ a rá!!

Ach cá bhfágann lucht an bhéarla na 13 Oileán eile a bhfuil daoine iontu, seachas Éire, atá idir Reachtainn agus Cléire?

comments powered by Disqus
Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá cead ag gach duine na haltanna seo a athúsáid cibé bealach is mian leo, iad a chur i gcló i bhfoilseacháin eile fiú, ach cloí le forálacha Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Ireland License.
RSS RSS