Nadúrtha an caipitleachas
Is iomaí duine a chaill muinín sa chaipitleachas mar thoradh ar an chúlú eacnamaíochta seo. Duine nár chaill, áfach, ná Václav Klaus, uachtarán Phoblacht na Seice, mar d’fhoilsigh sé aiste le déanaí inar impigh sé ar dhaoine gan droim láimhe a thabhairt don chaipitleachas go fóill.
Beidh cuimhne ag na hÉireannaigh ar an Uasal Klaus as ucht a dtuairimí diúltacha i leith an Aontais Eorpaigh agus a chairdis le Libertas. Is duine é nach tearc a thuairimí conspóideacha, mar a tuairiscíodh ar an bhlag seo cheana (anseo agus anseo), ach ní chuige atá mé anois. Ó dhúchas, is eacnamaí é Klaus (b’eisean príomhailtire an athraithe ón chumannachas go dtí an caipitleachas sa tSeicslóvaic sa 1990í) agus, murab ionann agus ábhair eile, is fiú cluas le héisteacht a thabhairt dó más ar ábhar na heacnamaíochta atá sé ag caint.
Creideann an tUasal Klaus go láidir ar an leagan “crua” den chaipitleachas, faoina dtiomsaítear an saormhargadh agus an tsaorfhiontraíocht gan barraíocht rialála, na cánacha a bheith íseal, an córas leasa shóisialaigh a bheith éadrom, agus mar sin de. Creideann sé ar choincheap “lámh dhofheicthe an mhargaidh”: nuair a thugann tú cead a gcinn do dhaoine dul i mbun gnó ar son a leasa féin, déanfaidh siad leas an phobail mar fhothoradh. Caithfidh, más ea, go gcuireann sé isteach air anois agus daoine ag gearán nach bhfuil an leagan seo den chaipitleachas ag déanamh a leasa.
An freagra a bhí aige san aiste ná an méid seo a leanas: bíodh nach bhfuil an caipitleachas ag obair go hidéalach uaireanta, bíodh go mbíonn suas–síos ann, ní fiú cur i gcoinne an chaipitleachais mar is é an córas is fearr dá bhfuil le fáil. Agus, lena rá ar bhealach a thuigfeadh gach amadán, bhain sé úsáid as meafair. Dúirt sé go bhfuil an caipitleachas ar nós na haimsire: nuair a leagann stoirm do theach, cad a dhéanfaidh tú? Tógfaidh tú ceann níos láidre ina áit. Ní bheidh tú ag iarraidh “deireadh” a chur leis an aimsir, an mbeidh? Is fearr, dar ndóigh, glacadh leis gur rud nádúrtha í an aimsir, stoirmeacha san áireamh. Dá bhrí sin, nuair a bhuaileann lagtrá eacnamaíochta thú, ní fiú beith ag iarraidh deireadh a chur leis an chaipitleachas. An rud stuama ná iarraidh teacht slán as, agus glacadh leis gur rud nádúrtha é an ciogal ó bhorradh go lagtrá go borradh agus mar sin de go deo na ndeor.
I bhfocail eile, tá an tUasal Klaus ag rá gur córas “nádúrtha” é an caipitleachas, murab ionann agus aon chóras eile dá bhféadfadh a bheith ann, ar nós an chumannachais agus cá bhfios cad eile. Cheap mé gur fiú stopadh ag an phointe seo agus an argóint a chíoradh beagán mar ní fheictear dom gur féidir glacadh léi gan cheist.
Ar thaobh amháin de, is cosúil go bhfuil an ceart aige. Is cosúil gur córas nádúrtha é an caipitleachas sa chiall gur leis an saormhargadh agus leis an tsaorfhiontraíocht a bheadh gach sochaí fágtha dá ligfí di forbairt go spontáineach, gan aon rialáil, gan aon réabhlóid, gan aon innealtóireacht shóisialta. Sa chiall sin, tá an caipitleachas níos giorra do nádúr an duine ná aon chóras eile – sa saol iartharach againne, ar a laghad.
Ar an taobh eile de, ní bhíonn aon sochaí riamh ag forbairt go hiomlán spontáineach. Bíonn méid áirithe rialála agus innealtóireachta i gceist i gcónaí. Bíonn gach sochaí ag féachaint ar a bhfuil ar siúl ar an saormhargadh agus, nuair a fheictear do dhaoine go bhfuil rud éigin míchóir ag titim amach, cuirtear rialáil i dtreo chun srian a chur air. Más nádúrtha an caipitleachas, is nádúrtha rialáil air freisin, agus is fearr as muid de ghnáth (ach amháin nuair a théitear thar fóir leis – féach an cumannachas – ach sin scéal eile). Ní dóigh liom, mar shampla, go bhféadfaí leithéidí córas scolaíochta poiblí nó córas leighis phoiblí a fhorbairt faoi lámh dhofheicthe an mhargaidh amháin.
Más ceart dom, mar sin, níl an caipitleachas chomh nádúrtha céanna agus an cheapann uachtarán Phoblacht na Seice. Rud atá nádúrtha i ndáiríre ná teaglaim den chaipitleachas agus den rialáil. Croí na ceiste anois ná cén céatadán de gach ceann den dá chomhábhar is ceart a chur isteach sa teaglaim.


An fhadhb a bhfuil ann ná go bhfuil daoine cama ann, más féidir liom é seo a thabhairt orthu agus drochdhaoine, freisin. In amanna tagann siad le chéile agus imríonn tionchar ar an margadh sa gcaoi go mbeidh siad féin in ann buntáiste bhaint as. Níl tada ‘nádúrtha’ faoi seo seachas go bhfuil i nádúr an duine a leas féin a dhéanamh; agus go bhfuil réimse daoine ann, cuid acu gur cuma sa tsioc leo na daoine eile. Níl bealach ar bith ag an ‘saormhargadh’ déileáil leo seo.