Tá sé sínithe aige
Conradh Liospóin atá i gceist agam, dar ndóigh, agus an té a shínigh é ná Václav Klaus, uachtarán Phoblacht na Seice. Leis sin, faoi dheireadh thiar thall, tá an conradh daingnithe ag gach ballstát agus tiocfaidh sé i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana, is cosúil.
Tá a fhios ag an saol Fódlach go raibh Václav Klaus i gcoinne an chonartha agus go bhfuil sé i gcoinne an Aontais Eorpaigh i gcoitinne. Ní raibh an dara rogha aige ach an conradh a shíniú, áfach, tar éis do pharlaimint na tíre é a achtú agus tar éis don chúirt bhunreachtúil a dhearbhú nach bhfuil sé i gcoinne bhunreacht na tíre.
Bhí an dóigh ar shínigh sé an conradh spéisiúil go leor. Taobh amuigh d’amharc na gceamaraí, i seomra éigin dorcha i gCaisleán Phrág, a rinne sé an gníomh. Ní raibh aon searmanas i gceist. Ach chuaigh sé ar an taifead ina dhiaidh chun a rá go n-easaontaíonn sé leis an chonradh (rud a raibh ar eolas againn cheana), gur in aghaidh a thola a chuir sé a shíniú leis agus go gceapann sé go bhfuil neamhspleáchas na tíre caillte anois. Ba ar an ráiteas deireanach a chuir sé an bhéim: dúirt sé nach tír neamhspleách í Poblacht na Seice ná aon bhallstát eile san Aontas Eorpach níos mó.
Is fiú an ráiteas sin a chíoradh beagán. Ar leibhéal amháin, is gá a rá go bhfuil an ceart aige. Ó chonradh go conradh, tá breis agus breis cumhachtaí á n-aistriú ó na ballstáit chuig an Aontas. Céim eile sa treo seo é Conradh Liospóin. Anois agus an conradh daingnithe, tá an próiseas aistrithe cumhachtaí imithe chomh fada sin go bhféadfaí an argóint a dhéanamh nach tíortha neamhspleácha iad ballstáit an Aontais Eorpaigh níos mó, agus go bhfuil an tAontas Eorpach ina stát anois.
An fhadhb ná, nuair a deirtear a leithéid, bítear ag déanamh talamh slán de gur drochrud é sin. Ní gá gur drochrud é, áfach. An íomhá seo, an íomhá go bhfuil (nó go mbeidh lá amháin) an tAontas Eorpach ina stát, cuireann sí scanradh ar dhaoine áirithe. Daoine ar nós Václav Klaus, tá sé mar ábhar creidimh acu gur rud naofa é an náisiúnstát agus gur peaca aon rud a sháródh é. Ní dóigh liomsa gur ceart glacadh le réamhchlaonta mar seo gan cheist, áfach. Tá fianaise ann nach rud chomh deas é an náisiúnstát agus a cheaptar. Is iomaí éagóir a rinneadh ar son náisiúnstáit i stair chorraithe na hEorpa, taobh istigh dá dteorainneacha ar mhionlaigh eitneacha agus taobh amuigh, freisin, an cogadh domhanda deireanach san áireamh – ar chogadh Eorpach í ó thús, ná déantar dearmad air sin. Ar an taithí sin a bunaíodh réamhtheachtaí an Aontais Eorpaigh tar éis an chogaidh chun cumhacht na náisiúnstát a laghdú. Bímis ionraic faoi seo: tá sé mar sprioc fadtéarmach ag an “tionscadal Eorpach” cuid shuntasach den neamhspleáchas a bhaint de na ballstáit agus córas feidearálach uile-Eorpach a chur ar bun. Bímis ionraic, freisin, gur maith an rud é sin. Tá córas feidearálach ag teastáil san Eoraip mar níl seanchóras na náisiúnstát neamhspleách ag obair ar leas na ndaoine.
Is cuma cad a cheapann Václav Klaus agus státairí réamhchlaonta eile a bhfuil leas dílsithe acu sa seanchóras. Tá an Eoraip fheidearálach chugainn agus beidh muid go léir níos fearr as dá thoradh.


N’fheadar! Is fíor dhuit go ndearnadh rudaí olca in ainm na náisiúntacht. Go hiondúil nuair a d’imir náisiún amháin cos ar bholg ar náisiúin eile. Nó, níos cirte, nuair a baineadh feidhm as idé náisiún amháin chun cearta náisiún eile a shatailt.
Rud maith a bheidh i gComhar na Náisiún Eorpacha, má thagann ann dó - ach beidh Coimhdeacht ina chuid thábhachtach dó, má thagann. An Modh Eilvéiseach!