Cairpéad breac na hEorpa
An tseachtain seo caite bhí mé i mbaile beag darb ainm Tartu san Eastóin chun freastal ar Chomhdháil Idirnáisiúnta na Mionteangacha. Is comhdháil é seo a reachtaítear gach ré bliain ach b’é seo an chéad uair agamsa freastal air. Ócáid a bhí ann a tháinig lucht na mionteangacha le chéile chun eolas a mhalartú agus chuaigh imeachtaí na comhdhála go mór i bhfeidhm orm.
Aithnítear teanga a bheith ina mionteanga nuair nach í an ghnáth-theanga cumarsáide poiblí sa tír í. Tá an-chuid díobh ann, mar shampla an Chatalóinis, an Bhreatnais agus roinnt mhaith eile nár chuala mórán daoine trácht orthu riamh. Cuid acu is teangacha iad a bhfuil pobal láidir acu i dtír éigin eile, mar atá ag lucht na Gearmáinise san Iodáil nó ag lucht na Sualainnise san Fhionlainn. Tá an chuid eile go hiomlán ar gconlán féin, dála na Bascaise agus na Gaeilge.
Mar a tharlaíonn, ba ag Éireannach a bhí an léacht ba shuimiúla ag an chomhdháil, dar liomsa. Conchúr Ó Giollagáin a thug léacht a bhí bunaithe ar an staidéar teangeolaíoch cáiliúil a chuir Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Ollscoil na hÉireann Má Nuad le chéile le déanaí. An téis a bhí aige ná go bhfuil ag teip ar aos óg na Gaeltachta an Ghaeilge a shealbhú i gceart de bharr nach labhraíonn siad lena gcomhaoisigh í, fiú más í a dteanga baile í. Fágann sé sin go bhfuil cumas laghdaithe acu sa Ghaeilge i réimsí áirithe, rud a chuireann i dtreo an Bhéarla iad. Mhaígh Conchúr gur beag an mhaith é do shlánú na teanga an scoil áitiúil a bheith á reáchtáil trí mheán na Gaeilge más as Béarla a bhíonn na daltaí ag caint le chéile taobh amuigh den scoil. Bhí an cur síos aige loighiciúil, fuarchúiseach agus scanrúil ag an am céanna.
Ó tharlaíonn gur as Poblacht na Seice ó dhúchas domsa, bhí mé fiosrach an mbeadh aon Seicigh ag an chomhdháil. Bhí amhras orm an mbeadh duine ar bith mar tuigim nach bhfuil téama na mionteangacha go mór i mbéal an phobail sa tír, ach bhuail mé lé Seiceach amháin, Leoš Šatava, atá ag obair in Institiúid na hEitneolaíochta in Ollscoil Shéarlais i bPrág. Bíonn an tUasal Šatava ag plé leis an tSorbais, teanga bheag Shlavach a labhraítear in oirthear na Gearmáine. Is teanga í seo nach bhfuil ach timpeall is 50,000 cainteoir fágtha aici. Tá suim faoi leith agam sa tSorbais le fada an lá mar tá dhá chanúint inti agus tá ceann acu cosúil leis an tSeicis (tá an ceann eile cosúil leis an Pholainnis). Amharcaim ar an tSorbais mar shampla de theanga nár éirigh lena hathbheochan riamh, in ainneoin na n-iarrachtaí, agus cuirim i gcomparáid í leis an tSeicis, teanga a ndearnadh athbheochan rathúil uirthi sa 19ú aois. Tharla gur tugadh faoi athbheochan na Seicise tráth a bhí faisean an náisiúnachais in ard a réime i lár na hEorpa. Murach sin, bheadh na Seicigh ag labhairt Gearmáinise anois, díreach ar an dóigh chéanna is atá formhór na Sorbach ag labhairt Gearmáinise anois, agus formhór na nÉireannach ag labhairt Béarla.
B’é an ríomhaireacht téama speisialta na comhdhála i mbliana agus bhí roinnt léachtaí ann a bhí ag plé leis an leas is féidir le mionteanga a bhaint as an teicneolaíocht nua-aimseartha. Rinne mise agus mo chomhghleacaí Brian Ó Raghallaigh cur i láthair ar an obair atá déanta againn in Éirinn ar focal.ie agus logainm.ie agus ar an éifeacht atá ag na suíomhanna seo ar shaol na Gaeilge. An teachtaireacht a bhí againn ná, má theastaíonn uait teanga éigin a chur chun cinn, is cuidiú mór é acmhainní tagartha ar nós foclóirí agus eolairí logainmneacha a chur ar fáil saor in aisce ar an Idirlíon, iad a bheith éasca le húsáid agus deartha go tarraingteach. Tá staitisticí againn a chruthaíonn go bhfuil éileamh ar na hacmhainní seo: bíonn timpeall is leathmhilliún cuardach ar focal.ie gach mí, agus timpeall is leath de sin ag logainm.ie.
Maidir leis an cheangal idir mionteangacha agus an ríomhaireacht, is ar an Bhreatain Bheag go háirithe atá an-cháil as an teicneolaíocht dhigiteach a chur in úsáid chun leasa na teanga. Ag an chomhdháil, bhí sé d’ádh orm bualadh le Daniel Cunliffe, duine a bhfuil an-chuid scríofa aige faoi shuíomhanna Gréasáin dátheangacha agus an dátheangachas ar an Idirlíon go ginearálta. D’aithin mé é ó phictiúr a bhí feicthe agam ar an Idirlíon, agus is cosúil gur chuir mé scanradh air nuair a thosaigh mé ag caint leis gan choinne ag an aerfort in Tallinn. Duine bocht.
Is trua nach raibh níos mó léachtaí faoin ríomhaireacht ag an chomhdháil, ach is amhlaidh go raibh an-chaint ar siúil ar an ábhar ag am sosa idir na léachtaí. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil lucht na mionteangacha ag teacht ar an tuiscint de réir a chéile anois nach aon bhagairt dóibh an tIdirlíon ach a mhalairt. Más mall is mithid.
Ó tharla gur san Eastóin a bhí an chomhdháil, bhí deis againn uilig eolas a chur ar an staid teangeolaíoch sna tíortha Baltacha. An scéal is mó atá ann ná scéal na Rúisise. Nuair a bhí an Eastóin, an Liotuáin agus an Laitvia faoi chuing an Aontais Shóivéadaigh, rinne na húdaráis lear mór Rúisiseoirí ó áiteanna eile san Aontas a athlonnú go dtí na tíortha seo. D’aon ghnó a rinne siad sin, is cosúil, chun an bonn a bhaint de náisiúnachas na bpobal dúchasach. Aithneoidh na hÉireannaigh cosúlachtaí idir seo agus an phlandáil a rinne lucht údaráis na Breataine in Éirinn fadó. Mar sin féin, nuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach agus nuair a bhain na tíortha Baltacha a neamhspleáchas amach arís, bhí pobail mhóra Rúiseacha fágtha iontu agus is cúis teannais é sin ó shin i leith. Bhíodh na Rúisigh ina mórlach roimhe, ach rinneadh mionlach díobh thar oíche agus is deacair dóibh glacadh leis an athrú sin. Cuireann sé seo i gcuimhne dom mar a bhí cúrsaí sa tSeicslóvaic idir an dá chogadh: rinneadh tír neamhspleách den tSeicslóvaic ach bhí an-chuid Gearmánach fágtha inti a ndearnadh mionlach díobh thar oíche, áit a mbíodh siad ina mórlach san Impireacht Ostaireach roimhe sin. Tá a fhios againn go léir cén toradh a bhí ar an teannas sin. Más ea, is dainséarach an teannas céanna a bheith sna tíortha Baltacha anois.
Maidir leis an Eastóinis féin, is teanga í a bhfuil borradh fúithi anois agus a stát féin aici. Más fíor gur athraíodh an Rúisis ó mhórtheanga go mionteanga thar oíche, rinneadh a mhalairt ar an Eastóinis. Más ea, beidh sé suimiúil féachaint conas a déileálfaidh sí lena gcuid mionlach féin anois, ní hamháin leis an Rúisis ach le Võro, freisin. Is canúint den Eastóinis é Võro atá chomh éagsúil uaithi go bhfuiltear ag argóint go minic gur teanga faoi leith í. Arís, aithneoidh na hÉireannaigh an chosúlacht idir seo agus cás na hUltaise, teanga a bhfuiltear de shíor ag cur agus ag cúiteamh an teanga faoi leith í nó an canúint den Bhéarla í.
Ó thaobh na teangeolaíochta, is teanga an-suimiúil í an Eastóinis. Tá 14 thuiseal inti (!) ach níl aon inscne, ní úsáidtear an t-alt, agus tá ord na bhfocal san abairt go hiomlán saor. Is ball de fhine Fhionn-Úgrach í an Eastóinis, fine nach bhfuil gaolta le haon cheann de na teangacha Ind-Eorpacha ar nós an Bhéarla, na Gearmáinise, na Rúisise nó na Gaeilge. Ceaptar gur iarsmaí iad na teangacha Fionn-Úgracha de na teangacha a bhíodh á labhairt san Eoraip fadó roimh theacht na nInd-Eorpach. Is iad an Fhionlainnis, an Ungáiris agus an Eastóinis féin na baill is cáiliúla den fhine seo, ach tá i bhfad níos mó ann. Formhór na dteangacha Fionn-Úgracha, is mionteangacha iad a labhraítear sna críocha Lochlannacha agus sa Rúis.
Má tá tátal ar bith le baint as an chomhdháil, is é sin go bhfuil i bhfad Éireann níos mó teangacha sa Eoraip ná mar a cheapfá agus tú ag féachaint ar an léarscáil pholaitiúil. Is iomaí pobal nár éirigh leis stát a bhunú dóibh féin agus dá bhrí sin tá siad tar éis fanacht geal le dofheicthe taobh istigh de theorannacha stáit éigin eile. Cinn eile, tá stát acu ach fós tá siad faoi bhrú ó theanga níos rathúla ná iad. Bíodh go raibh na teangacha seo dofheicthe go dtí seo, tá suim ag fás sna mionteangacha leis na blianta beaga anuas agus is cúis dóchais é sin. Tá níos mó agus níos mó daoine ag teacht ar an tuiscint le déanaí go bhfuil cairpéad teangeolaíoch na hEorpa i bhfad níos ildaite ná mar a cheaptaí. Is maith sin.


An-suimiúil go deo, a Mhicilín! Go raibh maith agat as an tuarascáil. Bhí tú ró-fhada i do thost roimhe seo. Thosaigh mé féin ag blagaireacht le déanaí leis an mbearna a líonadh. ;-)
Cairpéad brac na hEorpa = Cairpéad breac... ?