Leon na Seice ag seinm Chláirseach na hÉireann
LEON NA SEICE I nGLEIC LE CLÁIRSEACH NA hÉIREANN
MACHNAÍM, DÁ BHRÍ SIN, SCRÍOBHAIM  
Satharn
12
Aibreán
2014

Trí fhíric i leith na Rúise

MoscóNuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach 1991, cheap muid gur daonlathas normálta a bheidh sa Rúis feasta agus go mbeidh deireadh lena cuid mianta impiriúla. Bhí dul amú orainn. Tá mathúin na Rúise ag múscailt arís agus, le cúpla bliain anuas, tá sé ag iarraidh na tíortha máguaird a tharraing ar ais isteach ina sféar smachta féin. Is í an Úcráin an íospartach is deireanaí. Bhí íospartaigh eile roimpi (ina measc an tSeoirsia in 2008, a ndearnadh trácht ar a cás ar an bhlag seo cheana) agus beidh íospartaigh eile ina diaidh. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh an saol mór in adharca leis an Rúis go ceann tamaill mhaith amach anseo. Más ea, ní mór trí fhíric bhunúsacha i leith na Rúise a thuiscint.

Fíric 1: Ní daonlathas í an Rúis

Cinnte, bíonn toghcháin sa Rúis, ach is toghcháin iad atá á n-ionramháil go láidir ag meaisín bolscaireachta an rialtais – mura bhfuil na torthaí féin bréagach, rud nach gcuirfeadh iontas orm. Cinnte, tá iliomad meán cumarsáide sa Rúis, ach tá siad go léir, nó beagnach go léir, go mór faoi anáil an rialtais agus eagla a gcraicinn orthu imeacht ón líne oifigiúil. Más ea, ní tír í an Rúis ina ngníomhaíonn na polaiteoirí de réir thoil an phobail agus níl sí inchurtha le tíortha an Iarthair, lena n-áirím an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Beidh daoine ciniciúla ag rá nach bhfuil daonlathas ceart i bhfeidhm san Eoraip ná i Meiriceá ach oiread toisc go bhfuil na meáin agus na polaiteoirí araon faoi anáil lucht an airgid. Tá sé sin fíor go pointe. Ach tá difríocht cháilíochtúil idir a bhfuil abhus agus a bhfuil sa Rúis. Abhus san Iarthar, cé go bhfuil neart meán cumarsáide claonta agus mí-ionraic, tá meán cumarsáide eile ann nach bhfuil mar sin, tá a gcead acu gan a bheith mar sin, agus tá daoine saor le héisteacht leo. Sa Rúis, tá nach mór gach meán cumarsáide claonta agus mí-ionraic agus tá siad mar sin toisc nach bhfuil a mhalairt ceadaithe. Má chuireann tú romhat malairt tuairime a chraobhscaoileadh, bainfear do cheadúnas craolacháin díot, cuirfear i do leith gur gníomhaire an namhad tú, déanfaidh na húdaráis bulaíocht ort agus cuirfear sa charcair thú. Abhus san Iarthar, an rud is measa a bhainfidh duit ná nach n-éistfear leat. Tá mé ag éisteacht riamh le teoiricí fiáine comhcheilge ó mo chairde féasógacha ar an eite chlé, ach tá dul amú orthu. Ní ceart síneadh cothroime a chur idir an Rúis agus an tIarthar. Cinnte, níl an daonlathas againn saor ó locht, ach má cheapann tú gur deachtóireacht atá anseo, fan go bhfeice tú an Rúis.

Deachtóireacht an focal ceart ar a bhfuil sa Rúis. Dúirt duine éigin liom tráth gurb é an bealach is fearr leis an Rúis a thuiscint ná mar thír atá á riar ag na Sopranos. Agus b’fhéidir gur masla é sin do na Sopranos. Is é an trua nach raibh daonlathas riamh sa Rúis. Ní raibh le linn na Sár, ní raibh le linn an chumannachais (ar chumannachas in ainm amháin é) agus m’anam níl sa linn seo.

Fíric 2: Ní leis an Rúis na Rúisigh thar lear

Sna tíortha timpeall na Rúise a bhí ina gcuid den Aontas Sóivéadach tráth, tá pobail mhóra daoine iontu a chuireann Rúisigh orthu féin agus a labhraíonn Rúisis. Mionlaigh iad, ach mionlaigh mhóra agus tá an Rúis ag baint mí-úsáide astu chun na tíortha ina gcónaíonn siad a leagan. Cuid mhaith de na mionlaigh Rúiseacha seo, tháinig a sinsir chun na dtíortha sin ar cuireadh agus ar spreagadh ó na húdaráis, idir na húdaráis Shóivéadacha le déanaí agus údaráis na Sár rompu. Toradh coilíneachais iad na mionlaigh seo, agus tá an coilíneachas ar an chleas is sine i dtéacsleabhar na n-impirí: cuir tír eile faoi smacht agus cuir do dhaoine féin chun cónaithe ann go n-athróidís an tír ón taobh istigh agus go mbeidís mar árachas agat go gceann na nglúnta. Cleas é seo a d’imir impireacht Shasana ar Éirinn fadó lena cuid plandálacha. Cleas é seo a bhain Hitler leas as chun an tSeicslóvaic a bhriseadh. San iar-Aontas Sóivéadach, tá mionlaigh Rúiseacha san Úcráin, sna tíortha Baltacha, sa tSeoirsia, gach áit. Bí ag caint ar infheistíocht fhadtéarmach.

Bíodh sin mar atá, tá na daoine sin ina gcónaí ann leis na glúnta anuas agus níl aon locht orthu as sin. Tá láncheart acu fanacht mar a bhfuil siad toisc gur ann a rugadh iad. Tá láncheart acu bheith ina Rúisigh, an Rúisis a labhairt agus gan a bheith fágtha faoi mhíbhuntáiste dá bharr. Agus, más mian leo agus má tá siad dáiríre faoi, tá láncheart acu reifreann a reáchtáil agus na ceantracha ina gcónaíonn siad a chur leis an Rúis. Ach, is é an chomhairle a bheadh agam orthu ná, an bhfuil sibh cinnte go bhfuil sibh ag iarraidh sin? An bhfuil sibh i ndáiríre ag iarraidh bheith in bhur gcuid de stát atá á riar ag na Sopranos, mura níos measa? Dá mba Rúiseach mise agus mé i mo chónaí taobh amuigh de theorannacha na Rúise, bheinn an-sásta gur mar sin atá agus ní bheinn ag lorg aon athrú.

Is amhlaidh go bhfuil na pobail Rúiseacha thar lear chomh mór céanna faoi anáil mheán cumarsáide na Rúise is atá daonra na Rúise féin. Tá mí-úsáid á baint astu ag rialtas na Rúise i gcluiche geopholaitiúil nach bhfuil chun a leasa in aon chor. Arís, is féidir ceacht a bhaint ón stair. Sa tSeicslóvaic roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí mana ag na pobail Ghearmánacha: Wir wollen heim ins Reich – “tá muid ag iarraidh dul abhaile go dtí an impireacht” (impireacht na Gearmáine). Tamall tar éis dóibh an sprioc sin a bhaint amach, bhí mana eile sa chúrsaíocht: Wir wollen heim, uns reicht’s – “tá muid ag iarraidh dul abhaile, tá ár sáith againn”.

Fíric 3: Ní hionann muintir agus rialtas na Rúise

Tá cuma an platitude ar an ráiteas seo ach tá sé fíor mar sin féin. Daoine lácha sibhialta iad 99% na Rúiseach, sa Rúis féin agus thar lear. Conas go bhfuil sin ar eolas agam? Toisc gur daoine lácha sibhialta 99% de dhaoine gach áit! Ní chreidim go bhfuil muintir na Rúise difriúil ó aon mhuintir eile ar domhan. An t-aon rud atá difriúil sa Rúis ná nach ar son na 99% atá rialtas na Rúise ag feidhmiú ach ar a shon féin. Níl aon locht ar mhuintir na Rúise as a gcuid ceannairí bheith chomh corbach is atá: ní bhfuair siad aon deis dhaonlathach riamh iad a chur as cumhacht.

Níl aon locht orthu ach oiread as an easpa daonlathais a bhain dá dtír riamh anall. Comhtharlúint na staire é sin. Áitítear uaireanta go luíonn sé le nádúr na Rúiseach ceannaire láidir a bheith anuas orthu, ach tá mé go mór in amhras faoi sin. Bhí an t-intleachtóir cáiliúil Seiceach Václav Havel ag maíomh go bhfuil flosc domhúchta chun saoirse sa duine daonna i gcónaí, cuma cé chomh brúite faoi smacht atá sé. Is túisce a chreidfinn sin ná a mhalairt.

Más ea, agus muid ag spalpadh critice i leith na Rúise, bíodh sé le tuiscint i gcónaí gur ar an Rúis ‘oifigiúil’ atá sé sin dírithe, ar lucht féincheaptha na cumhachta, seachas ar an mhuintir. Tá an stát lochtach ach tá meas ag dul don náisiún. Abhus san Iarthar, deirtear go bhfuil cibé rialtas againn atá tuillte againn, más olc maith é. Is fada na Rúisigh ag fanacht leis an phribhléid sin. Gura gearr a bhfanacht feasta.

comments powered by Disqus
Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá cead ag gach duine na haltanna seo a athúsáid cibé bealach is mian leo, iad a chur i gcló i bhfoilseacháin eile fiú, ach cloí le forálacha Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Ireland License.
RSS RSS