Leon na Seice i ngleic le Cláirseach na hÉireann An Cainteoir Dóchais
| FOCAL.IE » | POTAFOCAL.COM »
| BLAG | ETC... |
Céadaoin
29
Iúil
2009

Tuar dóchais na cnocadóireachta

Is minic mé ag gearán faoin easpa infreastruchtúir atá in Éirinn don lucht siúil sléibhe (nó cnocadóireachta, mar is fearr liom féin tabhairt air). Creid nó ná creid, cé gur caitheamh aimsire í a chnocadóireacht a bhaineann leis an dúlra, tá infreastruchtúr ag teastáil chuici. Nuair a deirim infreastruchtúr, is é atá i gceist agam ná dhá rud go príomha. Uimhir a haon ná dóthain bealaí marcáilte atá saor ó chonspóid maidir le cearta rochtana. Uimhir a dó ná iompar poiblí chun tú a thabhairt chuig na bealaí sin.

Tá Éire gann ar an dá rud ach, díreach le déanaí, tá rud tarlaithe i Sléibhte Chill Mhantáin ar tuar dóchais é. Tá an comhlacht Coillte, i gcomhar le Dublin Mountains Partnership, tar éis roinnt bealaí nua a mharcáil agus a oscailt i gceantar Thigh Bródáin (Tibradden) agus na Craobhaí (Cruagh) i nDeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, chuir siad seirbhís bus ar bun a théann ó stáisiún Luas Áth an Ghainimh go dtí na háiteanna seo agus ar ais.

Tá an togra seo le moladh. Bhain mé féin agus mo chailín trial as an deireadh seachtaine seo caite agus is féidir linn a thuairisciú go n-oibríonn sé. Dar ndóigh, níl clúdaithe faoin togra ach cuid bheag bhídeach de Shléibhte Chill Mhantáin. Siúlóid ghearr éasca atá ann. Ach is tuar dóchais é. Is comhartha é go bhfuil Coillte, an t-úinéir talún is mó sa tír, tar éis a aithint nach aon namhaid iad na cnocadóirí agus gur fearr déileáil leo ach infreastruchtúr ceart a chur ar fáil dóibh.

Deir lucht a dhéanta gur scéim phíolótach atá ann. Tá súil agam go mbeidh rath air agus go spreagfaidh sé na húinéirí talún agus na húdaráis chuig dearcadh níos dearfaí i leith na cnocadóireachta.

Maith sibh Caoilte.

Murach coillte, is caillte ar fad a bheadh muid mar chnocadóirí!

Ach caol seans go gcoillfear an cuid eile de na húinéirí. Fiú an talamh oscailte ar na cnoic, is le dream éigin é - agus thar a bheith casta más coimín atá i gceist.

Agus tá Coillte tar éis ionad don rothaíocht sléibhe a oscailt i gContae Luimní freisin.

Ainm nó leasainm:
Suíomh Gréasáin (roghnach):
Athscríobh an uimhir seo ina figiúirí (chun turscar a chosc)
naoi ocht ocht aon sé

Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá siad á gceadúnú le haghaidh athúsáide faoi Creative Commons Attribution-Noncommercial-Share Alike 2.5 License. Tá cead iad a athúsáid agus a athdháileadh chun críocha neamhthráchtála amháin a fhad a thugtar aitheantas dom mar údar, agus a fhad a chuirtear nasc ar fáil anall chuig an bhlag seo.