Is nós don stát seo daonáireamh a réiteach gach cúpla bliain agus na staitisticí a bhaintear as a chur ar fáil don phobal. Is maith an rud é sin ach tá fadhb amháin leis: tá staitisticí leadránach agus ní léann éinne iad. Dá bhrí sin, shocraigh mise, bhur mblagadóir dílis, cuid de na staitisticí ón daonáireamh deireanach (2006) a shimpliú agus iad a léiriú i bhfoirm léarscáileanna.
Seo é an scéal: déan dearmad go bhfuil breis is ceithre mhilliún duine ag maireachtáil i bPoblacht na hÉireann agus samhlaigh nach bhfuil ann ach 100 duine...
» Léigh ar aghaidh...
Is fiáin an áit é an tIdirlíon agus is minic nach mbíonn cúrsaí de réir na loighce ann. Ceann de na rudaí nach bhfuil loighiciúil, dar liom, ná gur deacair brabús a thuilleamh ar an Idirlíon.
Lena rá níos cruinne, tá sé deacair brabús a thuilleamh as ábhar a chur ar fáil ar an Idirlíon. Níl aon deacracht ag comhlachtaí atá ag plé le hinfreastruchtúr an Idirlín, ar nós Eircom – tá siadsan ag suí go te. Ach bíonn deacrachtaí airgid acu siúd a bhfuil a ngnó bunaithe ar ábhar a chur i láthair daoine, leithéidí YouTube, chomh maith le foilsitheoirí nuachta ar nós an Irish Times, a bhfuil ag teip orthu aon ioncam substaintiúil a bhaint as a gcuid suíomhanna Idirlín, cé go bhfuil an-trácht go deo orthu. Cén fáth?
» Léigh ar aghaidh...
Bhí plé ar siúl le déanaí ar leathanaigh Foinse mar gheall ar an téarma “British Isles”. Chuala duine an téarma á úsáid ar réamhaisnéis na haimsire ar an chainéal teilifíse France 24 agus níor thaitin sé leis. Scríobh cúpla duine chuig an nuachtán tar éis sin lena rá nach dtaitníonn an téarma leo ach an oiread.
Is seanscéal é seo, dar ndóigh, an scéal ar fad maidir le “ní cuid de na hOileáin Bhriotanacha muid”. Agus ní hiad na hÉireannaigh amháin a bhfuil gearán acu maidir le téarma tíreolaíochta a chuireann dream thar sáile orthu: cuimhnigh ar Mhurascaill na Peirse (ar fearr leis na hArabaigh Murascaill na hAraibe a chur uirthi), an Mhacadóin (nach maith a hainm leis na Gréagaigh) nó Oileáin Fháclainne (ar a gcuirtear Las Malvinas san Airgintín). Is amhlaidh gur uirlis thar a bheith mothúchánach é logainm.
Ar ais chuig na hOileáin Bhriotanacha. Tá an téarma seo á úsáid go forleathan ar Mhór-Roinn na hEorpa chun tagairt a dhéanamh don Ríocht Aontaithe agus d’Éirinn araon. Cén fáth? Tá an freagra simplí go leor: (1) feictear d’Eorpach na Mór-Roinne gur aonad faoi leith iad na hoileáin seo, dá bhrí sin (2) tá gá aige le téarma éigin orthu, ach (3) níl aon téarma eile le fáil. Amharcaimis ar na hargóintí seo ceann ar cheann.
» Léigh ar aghaidh...
Aiste é seo leis an teangeolaí Seiceach Pavel Eisner a amharcann ar athbheochan na Seicise agus ar a bhfuil i ndán feasta di féin agus do mhionteangacha eile. Cé gur sa bhliain 1946 a céadfhoilsíodh an téacs, tá na conclúidí chomh ábhartha céanna inniu. Mise a d’aistrigh agus ghiorraigh de bheagán.
» Léigh ar aghaidh...
Rinne mo mhuintir agus mise rud an-chiallmhar an Nollaig seo: chuir muid cosc ar bhronntanais. D’aontaigh muid go léir nach dtabharfadh éinne aon bhronntanas d’éinne (ach amháin na páistí – bhí eisceacht acusan). Chloígh muid leis sin go docht, agus creid nó ná creid, d’oibrigh sé go hiontach.
Ní raibh orainn déileáil le haon chuid den amaidí siopadóireachta nuair a théann daoine ar mire ag ceannach truflaise. Ní raibh orainn déileáil le hamaidí après Nollaig ach a oiread, tráth a bhíonn daoine ag ligit orthu go dtaitníonn leo an truflais chéanna a bronnadh orthu.
Cheapfá gur rud léanmhar a bheadh i Nollaig gan bhronntanais, ach ní mar sin a bhí againne. Bhain muid go léir sásamh as a bheith i gcomhluadar a chéile. Ní muintir chráifeach muid, ach tá tábhacht faoi leith leis an Nollaig againn mar ócáid shóisialta. Bíonn an Nollaig againne mar a bhíonn Thanksgiving Day ag na Meiriceánaigh: tagann an teaghlach ar fad le chéile, rud nach dtarlaíonn ach tráth na Nollag. Ní theastaíonn deasghnáth na mbronntanas chuige sin.
» Léigh ar aghaidh...
Tá uachtarán Phoblacht na Seice, Václav Klaus, ar cuairt oifigiúil go hÉirinn faoi láthair agus é ag cothú conspóide mar is gnách dó. Tá seisean go hoscailte i gcoinne Chonradh Liospóin agus is cosúil gurb é an chúis is mó ar tháinig sé anall ná chun bualadh lena chomhbhádóir Declan Ganley, eorasceipteach eile.
Is é cur i gcoinne an Aontais Eorpaigh an chloch is mó ar phaidrín an Uasail Klaus na laethanta seo. Tá sé den tuairim gur masla do neamhspleáchas an stáit é a bheith ina bhall den Aontas Eorpach, agus dhiúltaigh sé fiú bratach an Aontais Eorpaigh a chur ar foluain taobh le bratach Phoblacht na Seice ag Caisleán Phrág, a áras oifigiúil.
» Léigh ar aghaidh...
Máirt
21
Deireadh Fómhair
2008
Breis is seachtain ó shin, i ndeisceart na hOstaire, tharla timpiste bóthair inar maraíodh duine de na daoine ba chonspóidí i bpolaitíocht na hEorpa: Jörg Haider, fear mór na heite deise a bhí ina namhaid glórach don inimirce, do na mionlaigh eitneacha agus do “na heachtrannaigh” go ginearálta, fear a raibh macalla an fhaisisteachais ina chuid bolscaireachta. Bhí sé ina chathaoirleach ar BZÖ, an “Chomhghuaillíocht um Thodhchaí na hOstaire”.
An rud atá suntasach faoina bhás ná go raibh a pháirtí díreach tar éis an t-olltoghchán a bhuachan, i dteannta lena gcomhbhádóirí an FPÖ (“Páirtí Síochánta na hOstaire”). Is cosúil nach raibh aon bhaint idir an dá heachtra, áfach. Ní raibh ann ach gnáth-thimpiste bóthair, róluas faoin charr. Fós féin, tarraingíonn sé seo aird ar an Ostair, aird atá tuillte go maith aici ó tharlaíonn polaitíocht na tíre sin bheith chomh hait agus atá.
Cogar, conas is féidir le dream pobalach na heite deise toghchán a bhuachan in aon tír Eorpach na laethanta seo? Nach bhfuil na dreamanna seo in ainm is a bheith imeallach? Bhuel, ní mar sin atá san Ostair. Mar a dúirt an nuachtán Seiceach Lidové noviny, is ionann an dream a thug vóta do Haider agus an saghas sin daoine a thug vótaí do Hitler fadó. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil flúirse na ndaoine seo san Ostair, níos mó ná mar is gnách i dtíortha eile.
Deirtear gurb í an Ostair an t-aon tír nach ndeachaigh i ngleic lena stair fhaisisteach i gceart riamh (murab ionann agus an Ghearmáin féin), agus níor bhain an t-olltoghchán deireanach aon phioc den droch-cháil sin. Ní athróidh bás phobalóir beag na hOstaire tada faoi.
Luan
6
Deireadh Fómhair
2008
Tá an t-alt seo thíos aistrithe agam ó alt a foilsíodh ar Café Babel. Cé gur ar an Bhealarúis a dhéanann sé trácht, is cinnte go gcuirfidh sé tír eile i gcuimhne dhuit!
Ní hé an t-uachtarán ollsmachtach Alexander Lukasienko an t-aon rud amháin atá ag scoilt an phobail sa Bhealarúis. An té is mian leis a bheith gníomhach go polaitiúil sa tír, caithfidh sé rogha teanga a dhéanamh: an Rúisis, nó an Bhealarúisis?
Cén dóigh ar chóir an focal “uachtarán” a scríobh sa Bhealarúisis, le túslitir mhór nó le túslitir bheag? Tá tuairim láidir i leith na ceiste seo ag Smitser Sauka, teangeolaí i Minsk na Bealarúise: os rud é nach ainm dílis é, ba chóir é a scríobh le túslitir bheag. Fós féin, tá leasú litrithe díreach sínithe ina dlí ag an uachtarán Alexander Lukasienko a shocraíonn gur le túslitir mhór a chaithfí teideal a oifige a scríobh feasta.
Níl sa leasú litrithe seo ach sampla de chomh fite fuaite is atá cúrsaí teanga agus cúrsaí polaitíochta sa Bhealarúis. Sa bhliain 1991, nuair a bhain a Bhealarúis neamhspleáchas amach, ba é “stát amháin, náisiún amháin, teanga amháin” an mana lena ndearnadh aonteanga oifigiúil an stáit den Bhealarúisis. Ní gach duine a bhí sásta droim láimhe a thabhairt don Rúisis, áfach, teanga atá á labhairt ag formhór den daonra ina saol laethúil. Is le tacaíocht ón mheoin seo a fuair céad uachtarán na tíre, Alexander Lukasienko, a bhua i dtoghchán 1994. Tá sé sa chumhacht ó shin.
» Léigh ar aghaidh...
Is é an lá inniu ná 21 Lúnasa 2008 agus tá mé á scríobh seo i bPoblacht na Seice. Tá sé 40 bliain inniu ó rinne fórsaí míleata an Aontais Shóivéadaigh ionradh ar an tSeicslóvaic, eachtra a chuir deireadh le hEarrach Phrág. Iarracht a bhí in Earrach Phrág réimeas polaitiúil níos liobrálaí a chur ar bun sa tír. Ach chonacthas do na comrádaithe Sóivéadacha go raibh sé sin ag dul thar fóir agus ní raibh drogall orthu leas a bhaint as foréigean chun an tSeicslóvaic a tharraing ar ais isteach sa champa cumannach.
Is lá suntasach é seo i saol na tíre agus tá oidhreacht na heachtra á plé sna meáin inniu mar a bhíonn gach bliain. Ach tá déine breise ag baint le comóradh na bliana seo mar gheall ar ar thit amach idir an Rúis agus an tSeoirsia le déanaí. An cheist atáthar á cur ná, an bagairt don domhan í an Rúis arís?
» Léigh ar aghaidh...
Tá cogadh na hOiséite Theas tosnaithe agus críochnaithe taobh istigh de sheachtain. Má bhí tú ag leanúint na nuachta ar chor ar bith le déanaí, is dócha go bhfuil eolas maith agat ar chúlra an chogaidh. Tá a fhios agat gur cuid den tSeoirsia í an Oiséit Theas, gur ag lorg neamhspleáchais atá sí, go ndearna an tSeoirsia ionradh uirthi chun an neamhspleáchas céanna a cheilt uirthi, agus go ndearna an Rúis ionradh ar an tSeoirsia dá bharr chun na hOiséitigh a chosaint, mar dhea. Tá a fhios agat chomh maith, is dócha, go bhfuil píblíne tábhachtach sínte tríd an tSeoirsia agus gur cosúil gurbh é smacht ar an phíblíne sin príomhchúis ionradh na Rúise.
Tá sé sin ar fad ar eolas agat mar rinneadh tuairisceoireacht air sin sna meáin. Ach tá rud amháin fágtha glan amach as an scéal ag na hiriseoirí, cé go mbaineann sé leis an scéal go lárnach: na hOiséitigh féin.
» Léigh ar aghaidh...