Claochluithe tosaigh i ndiaidh an ailt sa tuiseal ainmneach
Initial mutations on Irish nouns after the article in the nominative case
Patrún: [an] + [ainmfhocal]
Pattern: [an] + [noun]
Braitheann claochlú tosaigh ar inscne agus thúslitir an ainmfhocail.
Intial mutation depends on the noun's gender and initial letter.
Ainmfhocail fhirinscneacha san uimhir uatha
Masculine nouns in the singular
Ainmfhocail dar tús guta
Nouns beginning with a vowel
Claochlú: cuirtear t- roimh an ainmfhocal.
Mutation: prepend t- to the noun
éan (a bird) > an t-éan (the bird)
Ainmfhocail dar tús consan
Nouns beginning with a consonant
Gan chlaochlú.
No mutation.
cat (a cat) > an cat (the cat)
Ainmfhocail bhaninscneacha san uimhir uatha
Feminine nouns in the singular
Ainmfhocail dar tús guta
Nouns beginning with a vowel
Gan chlaochlú.
No mutation.
eaglais (a church) > an eaglais (the church)
Ainmfhocail dar tús b, c, f, g, m, p (.i. gach consan ar féidir séimhiú a chur air ach amháin d, s, t)
Nouns beginning with b, c, f, g, m, p (i.e., all the aspirable consonants except d, s, t)
Claochlú: séimhiú.
Mutation: aspiration (lenition).
bróg (a shoe) > an bhróg (the shoe)
Ainmfhocail dar tús d, t, l, n, r
Nouns beginning with d, t, l, n, r
Gan chlaochlú.
No mutation.
teanga (a language) > an teanga (the language)
(Cé gur féidir séimhiú a chur ar d agus t i bprionsabal, ní shéimhítear iad sa chás seo.)
(Although d and t can be aspirated in principle, they are not aspirated in this case.)
Ainmfhocail dar tús sl, sn, sr, s + guta
Nouns beginning with sl, sn, sr, s + vowel
Claochlú: cuirtear t roimh an s.
Mutation: prepend t to the s.
sráid (a street) > an tsráid (the street)
Ainmfhocail dar tús sc, sl, sm, sp, st
Nouns beginning with sc, sl, sm, sp, st
Gan chlaochlú.
No mutation.
sceallóg (a chip) > an sceallóg (the chip)
Ainmfhocail dar tús sb, sd, sf, sg, sh, ss
Nouns beginning with sb, sd, sf, sg, sh, ss
Níl aon fhocail sa teanga a thosaíonn ar na consain seo.
There are no such words in Irish.
Ainmfhocail an dá hinscne san uimhir iolra
Nouns of both genders in the plural
Ainmfhocail dar tús guta
Nouns beginning with a vowel
Claochlú: cuirtear h- roimh an ainmfhocal.
Mutation: prepend h- to the noun
eaglaisí (churches) > na heaglaisí (the churches)
Ainmfhocail dar tús consan
Nouns beginning with a consonant
Gan chlaochlú.
No mutation.
cait (cats) > na cait (the cats)
Michal Boleslav Měchura
valselob@hotmail.com