Leon na Seice i ngleic le Cláirseach na hÉireann An Cainteoir Dóchais
| FOCAL.IE » | POTAFOCAL.COM »
| BLAG | ETC... |
Compendium Gramadaí Gaeilge

Claochluithe tosaigh i ndiaidh an ailt sa tuiseal ginideach

Initial mutations on Irish nouns after the article in the genitive case

  • Ainmfhocail bhaninscneacha san uimhir uatha

    Feminine nouns in the singular

    Patrún: [na] + [ainmfhocal sa tuiseal ginideach]

    Pattern: [na] + [noun in the genitive case]

    Braitheann claochlú tosaigh ar thúslitir an ainmfhocail.

    Intial mutation depends on the noun's initial letter.

    • Ainmfhocail dar tús guta

      Nouns beginning with a vowel

      Claochlú: cuirtear h roimh an ainmfhocal.

      Mutation: prepend h to the noun

      eaglaise (of a church) > na heaglaise (of the church)

    • Ainmfhocail dar tús consan

      Nouns beginning with a consonant

      Gan chlaochlú.

      No mutation.

      bróige (of a shoe) > na bróige (of the shoe)

  • Ainmfhocail fhirinscneacha san uimhir uatha

    Masculine nouns in the singular

    Patrún: [an] + [ainmfhocal sa tuiseal ginideach]

    Pattern: [an] + [noun in the genitive case]

    Braitheann claochlú tosaigh ar thúslitir an ainmfhocail.

    Intial mutation depends on the noun's initial letter.

    • Ainmfhocail dar tús guta

      Nouns beginning with a vowel

      Gan chlaochlú.

      No mutation.

      éin (of a bird) > an éin (of the bird)

    • Ainmfhocail dar tús b, c, f, g, m, p (.i. gach consan ar féidir séimhiú a chur air ach amháin d, s, t)

      Nouns beginning with b, c, f, g, m, p (i.e., all the aspirable consonants except d, s, t)

      Claochlú: séimhiú.

      Mutation: aspiration (lenition).

      cait (of a cat) > an chait (of the cat)

    • Ainmfhocail dar tús d, t, l, n, r

      Nouns beginning with d, t, l, n, r

      Gan chlaochlú.

      No mutation.

      dorais (of a door) > an dorais (of the door)

      (Cé gur féidir séimhiú a chur ar d agus t i bprionsabal, ní shéimhítear iad sa chás seo.)

      (Although d and t can be aspirated in principle, they are not aspirated in this case.)

    • Ainmfhocail dar tús sl, sn, sr, s + guta

      Nouns beginning with sl, sn, sr, s + vowel

      Claochlú: cuirtear t roimh an s.

      Mutation: prepend t to the s.

      sleamhnáin (of a slide/slipway) > an tsleamhnáin (of the slide/slipway)

    • Ainmfhocail dar tús sc, sl, sm, sp, st

      Nouns beginning with sc, sl, sm, sp, st

      Gan chlaochlú.

      No mutation.

      scannáin (of a film) > an scannáin (of the film)

    • Ainmfhocail dar tús sb, sd, sf, sg, sh, ss

      Nouns beginning with sb, sd, sf, sg, sh, ss

      Níl aon fhocail sa teanga a thosaíonn ar na consain seo.

      There are no such words in Irish.

  • Ainmfhocail an dá hinscne san uimhir iolra

    Nouns of both genders in the plural

    • Ainmfhocail dar tús guta

      Nouns beginning with a vowel

      Claochlú: cuirtear n- roimh an ainmfhocal.

      Mutation: prepend n- to the noun

      eaglaisí (of churches) > na n-eaglaisí (of the churches)

    • Ainmfhocail dar tús consan

      Nouns beginning with a consonant

      Claochlú: urú.

      Mutation: eclipsis.

      cat (of cats) > na gcat (of the cats)

Michal Boleslav Měchura
valselob@hotmail.com