Conas inscne ainmfhocail a thomhas
How to guess the gender of an Irish noun
Baintear úsáid as na téarmaí seo.
The following terms are used here.
Guta (vowel): a, á, e, é, i, í, o, ó, u, ú, consan (consonant): b, c, d, f, g, h, k, l, m, n, p, r, s, t.
Guta leathan (broad vowel): a, á, o, ó, u, ú, guta caol (slender vowel): e, é, i, i
Focal dar críoch leathan: focal ar guta leathan é a ghuta deireanach, mar shampla leabharlann, gluaisteán.
Broad ending word: a word whose last vowel is a broad vowel, for example leabharlann, gluaisteán.
Focal dar críoch caol: focal ar guta caol é a ghuta deireanach, mar shampla coicís, feirmeoir.
Slender ending word: a word whose last vowel is a slender vowel, for example coicís, feirmeoir.
Ainmfhocail dar críoch guta
Nouns ending with vowels
Níl aon bhealach cruinn le hinscne a thomhas ar ainmfhocail a chríochnaíonn ar ghuta.
There is no reliable way to guess the gender of nouns that end with a vowel.
Ainmfhocail dar críoch consan
Nouns beginning with consonants
Is féidir inscne ainmfhocal a thosaíonn ar chonsan a thomhas go réasúnta cruinn ach leaid a bhaint as siolla deireanach an fhocail.
The gender of nouns that end with a consonant can be guessed with reasonable accuracy from the word's final syllable.
Ainmfhocail dar críoch leathan (ach amháin -acht)
Broad ending nouns (except -acht)
Is ainmfhocail fhirisncneacha iad an chuid is mó d'ainmfhocail dar críoch leathan, mar shampla:
Most broad ending nouns are masculine, for example:
-án
gluaisteán, an gluaisteán (m) car
óstán, an t-óstán (m) hotel
-ún
colún, an colún (m) column
botún, an botún (m) mistake
-ús
brabús, an brabús (m) profit
tús, an tús (m) beginning
-úr
séasúr, an seasúr (m) season
cultúr, an cultúr (m) culture
-éad
ticéad, an ticéad (m) ticket
éad, an t-éad (m) jealousy
-éal
muinéal, an muinéal (m) neck
béal, an béal (m) mouth, opening
Eisceachtaí
Exceptions
Is ainmfhocail bhaininscneacha iad na hainmfhocail a chríochnaíonn ar na míreanna seo a leanas:
Nouns that end with in the following ways are feminine:
-óg
fuinneog, an fhuinneog (f) window
bábóg, an bhábóg (f) doll
Is fíoreisceacht é an focal dallamullóg (hoodwink), ar ainmfhocal firinscneach é in ainneoin go gcríochnaíonn sé ar -óg.
The word dallamullóg (hoodwink) is an exception. It is a masculine noun even though it ends with -óg.
-lann
leabharlann, an leabharlann (f) library
pictiúrlann, an phictiúrlann (f) cinema
Bíonn institiúidí, foirgnihm nó ionaid i gceist le focail den mhúnla seo.
Words of this pattern involve institutions, buildings or venues.
Tabhair faoi deara nach baininscneach na hainmfhocail seo a leanas mar ní ionaid iad:
Note that the followong nouns are not feminine because they are not venues:
anlann, an t-anlann (m) sauce
salann, an salann (m) salt
-íocht
tacaíocht, an tacaíocht (f) support
filíocht, an fhilíocht (f) poetry
Ainmfhocail dar críoch coal
Slending ending nouns
Is ainmfhocail bhainisncneacha iad an chuid is mó d'ainmfhocail dar críoch caol, mar shampla:
Most slender nouns are feminine, for example:
-áil
admháil, an admháil (f) receipt
síleáil, an tsíleáil (f) ceiling
-éis
faisnéis, an faisnéis (f) information
ráiméis, an ráiméis (f) nonsence
-ís
seirbhís, an tseirbhís (f) service
coicís, an choicís (f) fortnight
Eisceachtaí
Exceptions
Is ainmfhocail fhirinscneacha iad na hainmfhocail a chríochnaíonn ar na míreanna seo a leanas:
Nouns that end in the following ways are masculine:
-óir, -eoir, -éir, -úir
léachtóir, an léachtóir (m) lecturer
feirmeoir, an feirmeoir (m) farmer
báicéir, an báiceir (m) baker
dochtúir, an dochtúir (m) doctor
Bíonn daoine nó gairmeacha i gceist le focail den mhúnla seo. Cuirtear iarmhíranna gníomhaí ar na críocha seo.
Words of this pattern involve people or professions. The endings are called agentive suffixes.
Tabhair faoi deara nach iarmhíreanna gníomhaí iad na míreanna arna gcríochnaíonn na focail seo a leanas, agus dá bhrí sin, ní ainmfhocail fhirinscneacha iad:
Note that the endings of the following words are not agentive suffixes, and the nouns are therefore not masculine:
beoir, an bheoir (f) beer
deoir, an deoir (f) tear
treoir, an treoir (f) direction, instruction
altóir, an altóir (f) altar
éagóir, an éagóir (f) injustice
glóir, an ghlóir (f) glory
onóir, an onóir (f) honour
tóir, an tóir (f) demand, clamour
-ín
ispín, an t-ispín (m) sausage
cailín, an cailín (m) girl
(Tabhair faoi deara gur focal firinscneach é cailín!)
(Note that the Irish word for girl is masculine!)
Ainmfhocail dar críoch -acht
Nouns ending in -acht
Braitheann inscne na n-ainmfhocal a chríochnaíonn ar -acht ar líon na siollaí atá san fhocal.
The gender of nouns ending in -acht depends on the number of syllables in the word.
Ainmfhocail ilsiollacha
Many-syllable nouns
Bíonn na hainmfhocail seo baninscneach de gnáth, mar shampla:
These nouns are usually feminine, for example:
beannacht, an bheannacht (f) greeting, blessing
meisciúlacht, an mheisciúlacht (f) drunkenness
Ainmfhocail aonsiollacha
Single-syllable nouns
Bíonn na hainmfhocail seo firinscneach de gnáth, mar shampla:
These nouns are usually masculine, for example:
smacht, an smacht (m) control, power
ceacht, an ceacht (m) lesson
Tá focail ann atá ilsiollach ach a áirítear mar fhocail aonsiollacha mar díothraíodh ó fhocail aonsiollacha iad. Seo hiad an dá ceann is cáiliúla díobh:
There are many-syllable nouns which are treated as single-syllable because they derive from single-syllable nouns. These are the two most famous ones of them:
bunreacht, an bunreacht (m) constitution
bunreacht = bun (basic) + reacht (legislation)
comhlacht, an comhlacht (m) company, firm
comhlacht = comh (co-) + lucht (group of people)
Tá cúpla eisceach ann, ar ainmfhocail bhaininscneacha iad in ainneoin gur focail aonsiollacha iad dar críoch -acht. Is iad sin ná:
There area a few exceptionns, nouns that are feminine in spite of the fact that they consist of only one syllable and end with -acht. They are:
léacht, an léacht (f) lecture
nuacht, an nuacht (f) news
imeacht, an imeacht (f) departure
Michal Boleslav Měchura
valselob@hotmail.com